Iníon Mhac an Bhaird (# 1)
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh
9/97
Bhí iníon Mhac an Bhaird
ina mhúinteoir ins
an Scoil Náisiúnta (an bun-scoile) ag múineadh na Gaeilge
leis na blianta. Bhí na buachaillí agus na gearrcailí
leis na deargleicneacha sáite ins an teanga.
Caith siad cúpla lá ag
foghlaim na bhfocail, 'go hálainn,' 'go hiontach,' 'go hana-mhaith,'
agus araile. Ansin mhúin an múinteoir an aimsir láitreach
den bhriathar, 'Táim,' mar shampla, "Tá na paistí go
hana-mhaith." "Tá an scéal go hiontach." Bhí siad go
léir réidh ansin an bhriathar chéanna ins an aimsir caite
a thuiscint ag baint úsáid as samplaí simplí mar:
"Bhí an aimsir go hálainn," "Bhí an Samhradh go
hiontach
deas."
Ina ndiaidh sin, d'iarr an
mhúinteoir ar na paistí aon abairt amháin a thabhairt di
ag baint úsáid as an aimsir láitreach, an aimsir chaite
agus ceann amháin dena aideachtaí.
Seas cailín suas leis an abairt
as guth ard, "Tá mé go hálainn anois agus fadó,
fadó, bhí tú go hálainn."
An Meiriceánach
(# 2)
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh
9/97
Bhí Meiriceánach ar Aer
Lingus ar an mbealach go Aerport na Sionnaine le haghaidh a leathantha saoire.
Bhí an t-eitleán beagnach réidh le tuirlingt chun
talún.
Bhí an chuid is mó dena
paisnéirí ag féachaint amach as na fuinneoga ag
breathnú le haoibhneas ar na radharcha - daichead scátha uaine
idir na bóithríní leis na cora agus na castaí.
(Le moch na maidine seo, ar aon nós, ní raibh sé ag cur
fearthainne!) Ar feadh tamaill, thug an Meiriceánach na spotaí
beaga ar na mbóthair faoi deara - b'fhéidir gurab iad na
gluaisteáin, ach ní raibh siad go léir ag dul ar aghaidh.
Bhí cuid acu ina seasamh. Cuir sé ceist ar an
t-Éireannach a bhí ina shuí in aice dó faoi na
spotaí.
"Na spotaí sin, a dhuine uasal,
má tá siad ag gluaiseacht, sin iad na préacháin,
muna bhfuil said ag gluaiseacht, sin iad an lucht oibrí as an
gCómhairle Contae.
Timpiste Úafásach
(# 3)
Le Mícheál Ó Máille &
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh 9/97
Tharla timpiste úafásach
do Phaidí nuair a bhí sé ag obair ins an saotharlann.
Bhí sé ró-ghar don inneall nuair a chaill sé ceann
amháin den a chluasa. Scread sé os ard le pian, "Mo chluas, mo
chluas."
Lena linn sin, bhí na
hoibrí go léir ag lorg faoi deifir le haghaidh na cluaise a
bhí caillte. Bhí Paidí ag scréachach fós
nuair a fuair duine amháin dena saothraí an chluas ins an gcarn
mór saibh faoin sámh innill. Thaispeán an fear an cluas
do Phaidí, "An í seo do chluas?"
Arsa Paidí, "Ní
hí sin mo cluas, bhí peannluaidhe ar a cúl!"
Naomh Peadar (# 4)
Le Mícheál Ó Máille &
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh 9/97
Lá amháin, bhí an
oiread sin daoine taobh amuigh de Gheataí na bhFlaithis gur bhain
sé geit as Naomh Peadar nuair a feictear gur fir iad go léir.
Bhí an Naomh ag smaoineamh ar feadh cúpla nóiméad
nuair a ghlaoch sé os ard leis an dream go léir. "Aon duine a
bhí faoi shlat ag a bhean i rith a shaol, caithear seasamh ar thaobh na
láimhe deise agus muna bhfuil, gabh ar thaobh mo láimhe
chlé."
D'imigh an slua go léir, bonn
ar aon go dtí an taobh deis. Ach fear amháin, marla do dhuine,
shúil sé go mall agus go scanrúil go dtí an taobh
chlé.
"Nach ort a bhí an t-ádh,
nach raibh tú faoi shlat do bhean freisin i rith do shaol go
léir. Abair liom, cén fáth nach bhfuil tú ar
thaobh mo láimhe deise!"
Dúirt mo bhean chéile
liom gur b'éigin dom a bhí i mo sheasamh ar an taobh clé
i gcónaí."
Sochraid (# 5)
Le Mícheál Ó Máille &
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh 9/97
Bhí fear ag taisteal amuigh
faoin tuath i ngluaisteán nuair a chonaic sé sochraid ana-fhada
- timpeall trí mhíle fear ar fad. Bhí líne
an-fhada ann, duine ar chúl duine. An fear a bhí ins an
ghluaisteán, bhí sé ar bís le teann fiosrachta san
chás seo. Rinne sé a bhealach go dtí tosaigh na
sochraide chun ceist a chur ar an fear ar aghaidh an dream mór go
léir. B'éigin dó a fháil amach cad a bhí ar
súil?
An fear a bhí os comhair an
dream go léir, bhí madra mór ar iall ghearr aige ag
tafann an t-am ar fad.
"Fuair mo mháthair chéile
bás, ghrásta ó Dhia ar a hanam. Bhain mo mhadra
gréim aisti agus do fuair sí bás go tobann, i gceann
tríocha nóiméid tar éis an gréim fiachla."
Arsa an fear fiosrach os íseal,
"An bhfuil cead agam an madra a fháil ar iasacht?"
"Caithfidh tú dul ar ais go
deireadh na líne."
An Feirmeoir (# 6)
Le Mícheál Ó Máille &
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh 9/97
Bhí an feirmeoir réidh
chun ceann amháin dena mhuca a thabhairt don chollach chun
cúplánan.
D'iarr sé ar an bhfear ar leis an gcollach cén chaoí a
mbeidh sé ábalta an mhuc a iompar dó?
"Iompar ar an mbarra rotha í."
Ar aghaidh leis díreach leis an
muc ar an mbarra rotha go dtí an collach timpeall leath-mhíle
síos an bóthar. Nuair a bhí na h-anmhithe
críochnaithe leis an gnúsachtach, chuir an feirmeoir ceist
arís ar an bhfear, "Chonas a mbeidh mé cinnte go bhfuil an rud
go léir ráthúil?"
"Má tá an mhuc ag ithe a
bricfeasta ar maidin, níl an gníomh ráthúil,
má tá sí ag iomlascann ins an bpuiteach, beidh tú
sásta."
Maidin lá arna mhárach,
bhí an mhuc ag ithe a bricfeasta. Ar ais leis an bhfeirmeoir leis an
muc ar an mbarra rotha go dtí an collach arís. Tharla an rud
céanna an dara maidin agus an tríú maidin! Bhí
an feirmeoir ag éirí ana-mhí-shásta le gach aon
lá.
Ag deireadh na seachtaine,
dúirt sé lena bhean chéile chiúin,
fhoighneach,"Féach amach an fhuinneog agus abair dom cad tá ar
súil ag an muc?" "An bhfuil sí ag ithe a bricfeasta?"
"Níl sí!" "An bhfuil sí clúdaithe leis an
salachar?" "Níl sí!" Scread an feirmeoir,"Cad tá ag
súil ag an muc, ansin?" Tá sí ina suí ar an mbarra
rotha!"
Teach an tSagairt (# 7)
Le Jimmy Joyce & Prionsíasín Ní
Longbhuird a d'astrigh 9/97
I dteach an tsagairt, bhí bean
an tí i gcónaí ag rá rudaí mar "Tá
mo theilifíseán briste," Tá mo chathaoir briste."
"Ná bain úsáid as an bhfocal 'mo'," arsa an sagart.
"Abair, 'Tá ár dteilifíseán briste,' 'Tá
ár gcathaoir briste.' " "Cheannaigh muintir na paóiste na
rudaí sin go léir dúinn."
Cúpla lá ina ndiaidh sin, bhí comhchomhairle ar
siúl i dteach an tsagairt leis na sagairt eile as an ndeoise.
I rith an ama a raibh an
cruinniú ar súil, tháinig bean an tí os comhair an
dream go léir, ag scartigh os ard,"Tá luch faoin ár
leaba!"
An Cuairteoir (# 8)
Le Niall Tóibín & Prionsíasín
Ní Longbhuird a d'astrigh 9/97
Tháinig cuairteoir isteach i
dteach ósta chun béile maith a fháil. Thug an
freastalaí pláta den anraith glé dó. Chonaic an
fear cuileog ins an anraith agus go díreach ansin, shín
sé a mhéar i dtreo na feithide.
"Ó," arsa an freastalaí,
"Ceileog,' an ea?"
" 'Ceileog,' ní hé sin an
focal ceart. Is 'cuileog' í tá sí baininscneach."
"Lord, Jesus, nach bhfuil súil
ghéar agat?"
An Múinteoir (#9)
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh
9/97
Bhí an múinteoir ag
tabhairt míniú ar a cuid imeachtaí ins an rang
eolaíochta dona scoláirí go léir.
Ba é an t-ábhar
ná an diobháil a dhéanann deochanna alcól don
cholainn go mór-mhór an t-uisce beatha. Bhí an
múinteoir ag iarraidh argóint a dhéanamh in aghaidh an
t-uisce beatha chéanna dona déagóirí - go raibh an
deoch iontach contúirteach, gur millteannach an deoch é.
Thóg sí dhá
ghloine amach, ceann amháin leath-lán d'uisce agus an ceann eile
leath-lán d'uisce beatha. Go tobann, bhí suim ag an rang go
léir ins an cheacht. Thaispeán sí dhá
phéist dóibh a bhí ina láimh fhéin ag
lúbairneacht. Chaith sí ceann amháin dóibh i ngach
ceann dena ghloiní. An phéist a bhí ins an t-uisce lean
sí ar aghaidh ag luascadh timpeall, ach an phéist bhocht eile,
comh luath is a bhuail sé an t-uisca beatha, ba ghearr a mhair
sí.
Bhí an rud faoin bpéist
bhocht thubaisteach mharbh, beagnach dochreidthe dona scoláirí.
Dá réir an
mhúinteora, bhí an míniú soiléir, go
dtuigfeadh an rang go léir an ceacht follasach faoin scrios a
dhéanann an t-alcól.
Ar aon nós, b'éigean di
ceist a chur agus freagra a fháil cad a d'fhóghlaim an rang. Ba
cosúil go raibh gach éinne réidh leis an bhfreagra ceart.
Arsa duine amháin dena
scoláirí, "Na daoine a raibh péist iontu, caithfidh siad
an t-uisce beatha a ól chun ruaig a chur ar an bpéist
céanna."
An Ghinid (# 10)
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh
9/97
Do chas triúr le chéilenuair a bhí siad ag obair i Nua Eabhriac, Paidí, an
t-Éireannach, Paidí, an t-Albanach agus Paidí, an
Sasanach. Bhuail siad le chéile, deireadh seachtaine amháin in
Oileán Coney. Caith siad an t-am ag siúl ar an trá.
I gceann tamaill, chonaic duine
amháin buidéal beagnach folaithe leis an gaineamh. Cuimil
sé an buidéal agus, a Dhia Mhóir, cad a tharla ach nocht
Ginid ghlinne os a gcomhair.
Duirt an Ghinid ghlinne go raibh
sí in ann aon rud amháin ba mhian leo a thabhairt dóibh.
Arsa an t-Albanach, "Ba mhaith liom
dul abhaile go dtí Inse Ghall, an áit ina bhfuil an t-aer glan,
an áit ina bhfuil ceol na bpíb ina croí ar an gcuideachta
é, an áit ina bhfuil na cailíní álainn ag
caint i dteanga a sinsir, an Ghaelic.
Go tapa, bhí sé imithe.
Arsa an Sasanach, "Ba mhaith liom dul
abhaile go Londún, an áit ina bhfuil an Bhanríon agus na
caisleáin stairiúla le feiceáil, ba mhaith liom cuairt a
thabhairt arís ar na háiteanna ina raibh na cogaidh
caithréimeacha buaite amach ag a comhthíreacha agus ba mhaith
liom an fíor theanga, an Béarla a cloisteáil
arís."
Go gairid, bhí sé
imithe.
"Cad futsa?," arsa an Ghinid ghlinne.
Arsa an t-Éireannach, "Ba
mhaith liom mo bheirt cairde a fháil ar ais arís!"
An Doctúir (# 11)
Le Mícheál Ó Máille &
Prionsíasín Ní Longbhuird a d'astrigh 9/97
Dúirt an doctúir leis an
othar, "Tá scéal maith agam agus drochscéal agam duit."
"Tabhair an scéal maith dom ar
dtús. "Arsa an doctúir,"Beidh tú marbh i dtrí
seachtaine."
"Agus an drochscéal?"
"Fuair mé an t-eolas i dtaobh an
rud sin coicís ó shoin!"
|