|
Nuair a bhí Jimín
Mhaire Thaidhg ina leanbh úr, thagadh mná an bhaile go
léir isteach agus bhídís ag féachaint air.
'A Mhuiricín,' a deireadh Síle Eoin, "nách
baileach a thug sé dhá shúil shean-Thaidhg leis."
"Grá Dé, a óinsigh," a deireadh Máire
Aindí, "an caoch ataoi?" Ná feiceann tú gur
Breasalach corónta é. Nách 'in iad dhá
shúil a athar aige agus an gheanc bheag shróna.?"
"Gabhaim-se orm gur lena
mháthair atá dealramh aige," a deireadh Síle.
"Narab ea," a deireadh Máire Aindí, "is é a athair
ina chruth daonna é." (Deir siad "ina chrot aonair" freisin.)
Bhí na mná ag éirí míshásta
lena chéile gur labhair Beit Mhór agus dhein spior spear
den scéal. "Pé duine ar dealraitheach leis é," ar
sise, " is caithiseach an leanbh é, bail ó Dhia air."
Thuig mná sin an
tSeabhaic go bhfaigheann daoine tréithe le hoidhreacht nó
ó dhúchas dála an chait cháiliúil
úd gur bhris an dúchas trína shúile
fadó. Ó thosach aimsire ba léir do dhaoine go
dtéann tréithe ó ghlúin go glúin,
ó athair nó ó mháthair go mac nó
iníon. Ach go dtí an tarna leath den aois seo caite
níor thuig éinne rúin na hoidhreachtúlachta.
Géineolaíocht a
thugtar ar an eolaíocht a dhéanann staidéar ar an
oidhreachtúlacht -- an tslí ina dtéann
tréithe ó ghlúin go glúin. Ba Gregor
Mendel, 1822-1884, an duine is túisce a thug faoi staidéar
doimhin a dhéanamh ar chúrsaí
géineolaíochta. Manach Agaistíneach ab ea é
san Ostair agus chaith sé cuid dá shaol ag múineadh
eolaíochta i mBrunn. Rinne sé ana chuid obair
thurgnamhach le píseanna -- cén tslí a
dtéann tréithe áirithe ar aghaidh sna
píseanna.
D'fhoilsigh sé toradh na
hoibre sin in 1865. Níor tugadh aon cheann dó, toisc, is
dóca, gur manach bocht a bhí ann. Go gairid ina dhiaidh
sin deineadh ab de agus b'éigin dó éirí as
an ngéineolaíocht. Níor tugadh aird cheart ar na
cáipéisí go dtí 1900. Sé bliana
déag taréis a bháis d'aithníodh mar
cheannródaí é agus tá a ainm scriofa go
dearfa i leabhar na heolaíochta ó shoin.
Fabhraíonn leanbh
ó chill aonair ar a dtugtar siogót (zigote). Istigh sa
chill seo bíonn na treoracha go léir chun duine nua a
fhabhrú. I núicléas na cille bíonn
rudaí i bhfoirm snáithe go dtugtar crómasóim
orthu. Ar na snáitheanna seo bíonn na géinte,
sé sin le rá na treoracha. Is sraith ceimiceán
í an ghéin, saghas cóid más mian leat.
Bíonn ós cionn míle géin i ngach
crómasóm.
Bíonn obair fé
leith le déanamh ag gach géin. D'féadfadh
géin treoir a thabhairt an dath donn a chur i súile duine,
nó dath dubh ar a ghruaigh. Is féidir leis na
saineolaithe na géinte seo a léamh agus a thuiscint anois
agus ar ndóigh tán siad ag cur na
"scríobhnóireachta" seo go léir i leabharlann, i
ndiaidh a chéile. Tá siad i ndán, fiú, an
cód sa ghéin a athrú -- rud a athruíonn an
toradh. Tugtar innealtóireacht ghéineach ar an obair seo.
Ní mór dom a rá anseo go gcuireann an saghas seo
innealtóireachta sceón ionam.
Tá dhá short
tréithe ann -- na tréithe a luas cheana, a gheibheann an
duine ó dhúchas agus na tréithe a
fhoghlaimíonn duine de bharr na timpeallachta. Níl na
heolaithe go léir ar aon intinn i dtaobh na roinne seo.
Tá sampla maith den tarna sort i Jimín freisin:
"Tá rith maith agam leis," deir se. "Rugas mo chosa ó mo
Mham nuair a thug sí seáp i mo dhiaidh i dtaobh an
chíste uachtair a ithe." Nuair a bhíonn do
mháthair ar do thí i gcónaí is gearr go
mbíonn rith maith agat.
Tréithe "Reithe
Sheáin na Buile" a thugaim-se féin ar na tréithe a
gheibheann duine ón timpeallacht. Is ón Seabhac a
fuaireas an scéilín seo freisin. Bhí feirm bheag
ag Seán na Buile laistoir de Chathair Saidhbhín.
Bhí faidhb amháin ag an bhfear bocht --- bhí
dúil mhór aige san ól. Bhí seanreithe aige
agus théadh sé ar gach aonach i gCathair Saidhbhín
leis, ach ní chun a dhíolta é ach mar
leithscéal. Bhí an reithe chomh heolach sin ar a
shlí abhaile go dtagadh sé uaidh féin. Ag
trácht ar rudaí a thagann abhaile mar sin deir siad
fós i gCiarraí go dtagann siad abhaile "dálta
reithe Sheáin na Buile."
Nách bhfuil an
t-ádh linn nár chuir na filí eolas ar an
ngéineolaíocht seans go mbeidís ag
trácht ar y-chrómasóim agus
x-chrómasóim in ionad súile gorma agus a
leithéidí. Go méadaí Dia im is bainne
chughaibh!
Le Barra Ó Donnabháin.
|