|
Míle is ocht de chéadaibh naoi gus trí dhe dhéagaibh,
Sin é dáta an téarma go dtí 's nuige lá den mhí,
Ó rugadh Críost ó Mháire i mBeithlehem sa stábla,
Gur éirigh an ghaoth in áirde ag leath uair taréis a thrí.
Is mar sin a chríochnaigh "Mícheál a Búrc" an dán fada a scríobh
sé faoi Oíche na Gaoithe Móire. Má chuireann tú an chéad dá
line sa dán leis an véarsa sin, tá an uair, an dáta agus an bhliain agat. "Beidh
oíche chinn an dá lá dhéag, i gcuimhne ghrinn go héag; Óir is
iomaí duine d'éag, a mbailtibh a muir isa dtír." Ní dóigh liom go ndearna
éinne, a raibh aois na céille aige an oíche úd, dearmad de 6/7 Eanair, 1839. Focal
ar dtús ar údar an dáin.
Rugadh Mícheál a Búrc timpeall na bliana 1800, i mBriosc Co. na Gaillmhe. Cuireadh oideachas
maith air eolas aige ar Ghaeilge, Béalra, Laidin agus Gréigis. Chaith sé tamall ina
mhúinteoir in Eisir sul ar thug sé a aghaidh ar Mheiriceá. Fuair sé bás i
Brooklyn NY, 6 Eanair 1881. Scríobh sé an píosa díreach taréis na stoirme
agus bhí a ainm in airde ar fuaid an cheantair dá bharr. Ta an dán agus cur síos beag
ar Mhícheál le fáil san Gael, April 1899. Má tá tuilleadh eolais uait
féach The Night of the Big Wind in Mayo, le Gerard M Delaney, agus The Big Wind, le Peter Carr.
Tráthnóna Dé Sathairn, 5 Eanair 1839, thit sneachta trom ar fuaid na tíre.
An mhaidin dar gcionn tháinig ciunas neamhghnáthach ar an dtír agus thosnuigh an teocht ag
ardú. Ní fada go raibh sí píosa maith ós meán. Leáigh an sneachta
go tapaidh --- i ngan fhios do chách bhí lagbhrú doimhin á chruthú lastuaidh de
Éirinn, agus bhí an ghloine ag tuar stoirme fá a trí a chlog um
thráthnóna. De réir mar a dhruid an t-éadan te siar, tháinig éadan fuar
ina dhiaidh le gaoth ard agus báisteach throm. I ndiaidh a chéile neartaigh ar an ngaoth.
D'éirigh sé níos fuaire. Bhí idir bháisteach agus fhlicsneachta ag titim.
Fá naoi a chlog, i Muigh Eo, bhí neart gála faoi na roisteacha móra gaoithe
agus iad ag dul i dtreise i gcónaí. Fá mheán oíche bhí neart
hairicín fúthu agus d'fhanadar mar sin go dtí a chúig ar maidin, nuair a
d'íslíodar arís go neart gála. Fhaid a bhí an hairicín ag
séideadh níor fhan an ghaoth socair ach ag athrú ó am go ham, -- ó aniar
aneas go dtí aniar agus aniar aduaigh. Lean na gálaí go dtí a sé a chlog
tráthnóna Dé Luain.
Níor tháinig aon áit sa tír saor ón stoirm. Maraíodh breis is
céad duine. Fágadh na céadta ar leath láimh nó leath chois de dheasca
timpistí. Ní luaitear na daoine a fuair bás níos déanaí ón
bhfuacht agus easpa cúraim. Leagadh agus scriosadh na céadta míle tigh idir bhotháin
agus chaisleáin agus dódh mórán diobh. Dob amhlaidh nuair a bhainfeadh an ghaoth an
ceann tuí de thigh, go dtuitfeadh cuid de isteach agus go raghfadh sé tré thine. Chuir an
scanradh neart daoine amach as na tithe agus d'fhanadar ar thaobh claí go raibh an stoirm thart.
D'fhág an ghaoth, an fuacht, agus an fliuchras go leor daoine breoite, na daoine aosta ach go hairithe.
Tugadh uisce, feamainn agus fiú éisc, i bhfad i dtír leis an ngaoth, agus d'fhan baladh an
tsalainn ar na tithe go ceann míosa. Leagadh furmhór na gcrann sa tír dúirt tiarna
talún amháin, i Muigh Eo, gur chaill sé 70,000 crann ba chuma leis na daoine bochta.
Níor fágadh fiú ceann des na crainn bhreá leamháin i bPáirc an
Fhionnuisce ina sheasamh. Díscíodh furmhór na n-éan agus na cinn a bhí
fágtha ní raibh aon áit acu le neadú. Maraíodh beithígh agus capaill
agus sciobadh an féar agus an sop chun siúil ón iothlainn.
Ní raibh a leithéid de rud agus árachas ann ag an am. Ní hé sin amháin,
ach dá mbeadh gá le deisiúcháin ar thigh an tiarna talún, bhí sé
de dhualgas ar na bochtáin íoch astu. Ach is olc an ghaoth nách seideann maitheas do dhuine
éigin. Bhí raidhse oibre ag na siúinéirí, na saoir agus na
díonadóirí agus is dóca na dlídeoirí.
I 1909 shocraigh an rialtas ar phinsean a thabhairt do dhaoine ós cionn deich mbliana agus trí
fichid. Anois bhí go leor daoine nách raibh teastas beireatais acu. Go minic ghlacfadh na
húdaráis le fianaise shochreidte eile --- abair dá mbeadh duine in ann cur síos
beacht a dhéanamh ar eachtraí Oíche na Gaoithe Móire. Ní raibh easpa
seanchaithe riamh in Éirinn. D'éirigh le go leor acu pinsean brea, £13 sa bhliain, a fháil
de dheasca na hoíche uafásaí sin.
Le Barra Ó Donnabháin
|