|
Cúig bliana ó
shoin, gheallas dom chara, Séamas, go scríobhfainn
píosa greannmhar ó am go chéile. Tá
Séamas den tuairim gur choinnigh an greann sinn beo nuair a
bhí an saol ainnis go leor againn. Sé rud a bhí
ann, dar leis, ná faoiseamh ón smacht agus ón
anró. Creideann sé go bhfuil géar-ghá le
gáire croíúil rachtúil anois is arís
chun na droch sprideanna a scaipeadh. Ná bac le siceolaithe!
Éist leis an seanfhocal ---- gáire maith agus codladh
fada an dá leigheas is fearr.
Nuair a bhíos óg
agus ag freastal ar an Scoil Naisiúnta thugadh an sagart
paróiste cuairt orainn uair sa bhliain. Bhíodh eagla
orainn go léir roimhe mar is minic a chuireadh sé
ceisteanna deacra orainn ón dTeagasc Críostaí ---
agus súil aige leis an bhfreagra ceart uainn, tá's agat.
Dá dteipfeadh ort aon cheist, dá amaidí, a
fhreagairt bheadh an máistir sa mhullach ort go ceann
míosa ina dhiaidh sin. Maireann neart scéalta fós
sa bhéaloideas a bhaineann le turais seo na sagart. Chualas an
ceann seo ag m'athair.
Thug an sagart cuairt ar an
scoil lá. Chrom sé ar cheisteanna a chur ar bhuachaill
mallbhreathach, aduaidh ón gCarn. Má chuir ní
bhfuair sé de fhreagra ón mbuachaill bocht ach
"níl fhios agam a athair" arís is arís eile.
Bhí an máistir náirithe agus an sagart ar buile.
Amach leis, léim sé ar a chapall agus ó thuaidh
leis go tigh an bhuachalla. Ní raibh istigh roimhe ach an
mháthair.
"A bhean chóir," ar
sé, "is oth liom a rá go bhfuil mac leat i
gcruachás." "Beidh a anam i mbaol muna n-athraíonn
sé a bhéasa." Níl eolas dá laghad aige ar
an dTeagasc Críostaí agus níl fiú na
paidreacha aige." "D'fhiafruíos de inniu, cathain a fuair
Críost bás agus ní raibh fhios aige. "A'
gcreidfeá é sin?" "Chreidfinn a athair," ar sí,
"ach ná tóg ar an mbuachaill macánta é."
"Is amhlaidh a táimíd ro-fhada ón mbóthar le
na sochraidí a fheiscint ag dul thar bráid."
"D'fhéadfadh an t-easpog féin bheith caillte i ngan fhios
dúinn." "D'fhéadfadh mhuis."
Bhí feirmeoir i gCuan Dor
tráth agus bhí iníon aige. Bean ábalta
chruthúil ab ea í ach í beagáinín
tugtha don aisfhreagra de réir an scéil. Ar aon
nós tháinig fear óg chun na tí,
oíche, chun cleamhnas a dhéanamh leis an mbean so.
Thárla go raibh sé ar leath-shúil de dheasca
timpiste éigin. Thaitin an bhean leis agus nuair a bhí
sé ag imeacht d'iontaigh sé uirthi agus dúirt:
"Tá súil agam gur gearr go bhfeice mé arís
thú." "Tá," arsan bhean, "agus súil eile
nách bhfeicfidh go deo mé." Tá súil agam
nár phósadar a chéile.
Bhíodh bacach nó
fear siúil ag taisteal bóithre Iarthar Chorcaí
fadó. Bhí ana mheas ag na daoine air mar ba fhear
macánta é agus fara sin ba scealaí iontach
é. Pé scéal é, d'éirigh sé
aosta agus ba dheachair dó taisteal ó bhí na cosa
ag teip air. Tháinig na daoine le chéile agus
bhailíodar roinnt airgid chun asal a cheannach dó.
Chuireadar in áirde ar an asal é agus
d'fhiafruíodar de "Cén áird arbh áil leat
dul leis?" "Ó, ar sé, "tabhair cead a chinn dó mar
tá gnó agam i ngach uile áird."
Ar eagla go gceapfadh sibh
nár cleachtadh an greann ach sa Mhumhain, seo ceann a bhailigh
Seán Ó Ruadháin i gCo. Mhuigh Eo: (Ar
ndóigh bhíodh na scéalta céanna acu chuile
áit ach go mbíodh casadh áitiúil orthu).
"Bhí duine uasal ag dul thar abhainn uair amháin, agus ar
a bhealach thug sé fá deara go raibh an
bádóir liath ins an ngruaigh agus dubh ins an
bhfeasóig. "Cén aois thú, le do thoil?" arsan
duine uasal leis an mbádóir. "Táim suas i
mbrollach leath-chéad bliain sílim," ar sé.
"'Sé an fáth ar
chuir mé an cheist ort," arsan fear eile, "mar go dtugaim
fá deara go bhfuil do ghruaigh liath ach nách bhfuil an
fheasóg." "Mhuise ní hionadh ar bith é sin," arsan
bádóir, "mar go bhfuil mo chuid gruaige fiche bliain
níos sine ná an fhéasóg."
Fuair Éinrí Ua
Muirgheasa an ceann seo i dTír Chonaill i dtosach an
chéid: "Bhí dea-thiarna tailimh ann san tsean-aimsir agus
nuair a bhíodh daoine na dúiche ag díol a
gcíos, bhí mar chleachtadh aige béile agus gloine
bhiotáille a thabhairt daofa. Bhí seanduine ann a raibh
an-spéis aige sa bhiotáille.
Nuair a tháinig a sheal, "Seo dhuit a Chriostail," arsan tiarna,
"is ól an ghloine seo is tá sé ag cur tairne eile i
do chónra."
D'ól sé suas go
tapaidh é, chroith sé é féin, is shín
sé an ghloine ar ais chuig an tiarna, is dúirt, "Nuair
tá an casúr i do láimh tiomáin tairne eile
ann, más é do thoil é."
Críochnód le ceann
Meiriceánach a bhaineann leis an dteas. Tá fhios agaibh
go mbíonn "Death Valley" iontach te. Bheul fuair fear ón
gceanntar sin bás agus cuireadh go hIfreann é. Ba thrua
leis an ndiabhal a chás agus thug sé cáirde
cúpla lá dó chun dul abhaile lena chóta
mór d'fháil. Taobh le Death Valley bhí Ifreann
fuar. Na laethannta seo chreidfinn é.
Le Barra Ó Donnabháin.
|