Cart

Recent Posts

Gáire Maith is Codladh Fada

Cúig bliana ó shoin, gheallas dom chara, Séamas, go scríobhfainn píosa greannmhar ó am go chéile. Tá Séamas den tuairim gur choinnigh an greann sinn beo nuair a bhí an saol ainnis go leor againn. Sé rud a bhí ann, dar leis, ná faoiseamh ón smacht agus ón anró. Creideann sé go bhfuil géar-ghá le gáire croíúil rachtúil anois is arís chun na droch sprideanna a scaipeadh. Ná bac le siceolaithe! Éist leis an seanfhocal —- gáire maith agus codladh fada an dá leigheas is fearr.

Nuair a bhíos óg agus ag freastal ar an Scoil Naisiúnta thugadh an sagart paróiste cuairt orainn uair sa bhliain. Bhíodh eagla orainn go léir roimhe mar is minic a chuireadh sé ceisteanna deacra orainn ón dTeagasc Críostaí — agus súil aige leis an bhfreagra ceart uainn, tá’s agat. Dá dteipfeadh ort aon cheist, dá amaidí, a fhreagairt bheadh an máistir sa mhullach ort go ceann míosa ina dhiaidh sin. Maireann neart scéalta fós sa bhéaloideas a bhaineann le turais seo na sagart. Chualas an ceann seo ag m’athair.

Thug an sagart cuairt ar an scoil lá. Chrom sé ar cheisteanna a chur ar bhuachaill mallbhreathach, aduaidh ón gCarn. Má chuir ní bhfuair sé de fhreagra ón mbuachaill bocht ach ­ “níl fhios agam a athair” arís is arís eile. Bhí an máistir náirithe agus an sagart ar buile. Amach leis, léim sé ar a chapall agus ó thuaidh leis go tigh an bhuachalla. Ní raibh istigh roimhe ach an mháthair.

“A bhean chóir,” ar sé, “is oth liom a rá go bhfuil mac leat i gcruachás.” “Beidh a anam i mbaol muna n-athraíonn sé a bhéasa.” Níl eolas dá laghad aige ar an dTeagasc Críostaí agus níl fiú na paidreacha aige.” “D’fhiafruíos de inniu, cathain a fuair Críost bás agus ní raibh fhios aige. “A’ gcreidfeá é sin?” “Chreidfinn a athair,” ar sí, “ach ná tóg ar an mbuachaill macánta é.” “Is amhlaidh a táimíd ro-fhada ón mbóthar le na sochraidí a fheiscint ag dul thar bráid.” “D’fhéadfadh an t-easpog féin bheith caillte i ngan fhios dúinn.” “D’fhéadfadh mhuis.”

Bhí feirmeoir i gCuan Dor tráth agus bhí iníon aige. Bean ábalta chruthúil ab ea í ach í beagáinín tugtha don aisfhreagra de réir an scéil. Ar aon nós tháinig fear óg chun na tí, oíche, chun cleamhnas a dhéanamh leis an mbean so. Thárla go raibh sé ar leath-shúil de dheasca timpiste éigin. Thaitin an bhean leis agus nuair a bhí sé ag imeacht d’iontaigh sé uirthi agus dúirt: “Tá súil agam gur gearr go bhfeice mé arís thú.” “Tá,” arsan bhean, “agus súil eile nách bhfeicfidh go deo mé.” Tá súil agam nár phósadar a chéile.

Bhíodh bacach nó fear siúil ag taisteal bóithre Iarthar Chorcaí fadó. Bhí ana mheas ag na daoine air mar ba fhear macánta é agus fara sin ba scealaí iontach é. Pé scéal é, d’éirigh sé aosta agus ba dheachair dó taisteal ó bhí na cosa ag teip air. Tháinig na daoine le chéile agus bhailíodar roinnt airgid chun asal a cheannach dó. Chuireadar in áirde ar an asal é agus d’fhiafruíodar de “Cén áird arbh áil leat dul leis?” “Ó, ar sé, “tabhair cead a chinn dó mar tá gnó agam i ngach uile áird.”

Ar eagla go gceapfadh sibh nár cleachtadh an greann ach sa Mhumhain, seo ceann a bhailigh Seán Ó Ruadháin i gCo. Mhuigh Eo: (Ar ndóigh bhíodh na scéalta céanna acu chuile áit ach go mbíodh casadh áitiúil orthu). “Bhí duine uasal ag dul thar abhainn uair amháin, agus ar a bhealach thug sé fá deara go raibh an bádóir liath ins an ngruaigh agus dubh ins an bhfeasóig. “Cén aois thú, le do thoil?” arsan duine uasal leis an mbádóir. “Táim suas i mbrollach leath-chéad bliain sílim,” ar sé.

“‘Sé an fáth ar chuir mé an cheist ort,” arsan fear eile, “mar go dtugaim fá deara go bhfuil do ghruaigh liath ach nách bhfuil an fheasóg.” “Mhuise ní hionadh ar bith é sin,” arsan bádóir, “mar go bhfuil mo chuid gruaige fiche bliain níos sine ná an fhéasóg.”

Fuair Éinrí Ua Muirgheasa an ceann seo i dTír Chonaill i dtosach an chéid: “Bhí dea-thiarna tailimh ann san tsean-aimsir agus nuair a bhíodh daoine na dúiche ag díol a gcíos, bhí mar chleachtadh aige béile agus gloine bhiotáille a thabhairt daofa. Bhí seanduine ann a raibh an-spéis aige sa bhiotáille. Nuair a tháinig a sheal, “Seo dhuit a Chriostail,” arsan tiarna, “is ól an ghloine seo is tá sé ag cur tairne eile i do chónra.”

D’ól sé suas go tapaidh é, chroith sé é féin, is shín sé an ghloine ar ais chuig an tiarna, is dúirt, “Nuair tá an casúr i do láimh tiomáin tairne eile ann, más é do thoil é.”

Críochnód le ceann Meiriceánach a bhaineann leis an dteas. Tá fhios agaibh go mbíonn “Death Valley” iontach te. Bheul fuair fear ón gceanntar sin bás agus cuireadh go hIfreann é. Ba thrua leis an ndiabhal a chás agus thug sé cáirde cúpla lá dó chun dul abhaile lena chóta mór d’fháil. Taobh le Death Valley bhí Ifreann fuar. Na laethannta seo chreidfinn é.

Le Barra Ó Donnabháin


NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.