Cart

Recent Posts

Fuego Daemonum

Bhí alt ana shimiúil san Iris Time le déanaí — The Mood Molecule. Sé bhí ann, cur síos ar dhrugaí a úsáidtear inniú chun méid na cimice serotonin san inchinn a rialú. Easpa serotonin, dar leis na saineolaithe, is mó is cúis le galair éagsúla ar nós, bulimia, domheanma nó dúlagar, migrain, schizophrenia agus ionsaithe imní agus scaoill. Usáidtear drugaí frithghruama faoi láthair chun cuid mhaith des na galair seo a choimeád faoi smacht. Ach mo léan géar bíonn faidhbeanna ag gabháil leo go minic — seachthorthaí baolacha.

Mí ó shoin bhí scéal sna páipéirí á rá go bhfuarthas amach go raibh dochar á dhéanamh ag an druga Redux do chroíthe na ndaoine a bhí á ghlacadh. Daoine a bhí ar aistí bia ag iarraidh roinnt meachain a chailliúint is mó a bhí thíos leis. Is amhlaidh a spreagann Redux na néaróga chun breis serotonin a scaoileadh — rud a thugann cómhartha don inchinn go bhfuil go leor ithte ag an duine, agus a fhágann neamhochrach é. Ní thuigeann siad fós conas a oibríonn sé. Ana sheift ar fad ach amháin go ndéanann sé dochar do chomhla sa chroí. Ach deir an t-alt go bhfuil lus an-choitianta sa nádúr a mhéadaíonn agus a neartaíonn cumas an serotonin sa chorp agus nách bhfuil aon seachthoradh olc ag gabháil lena úsáid. Tugtar Beathnua air sa Ghaeilge agus St. Johns Worth sa Bhéarla. (Bithnua sa tSean-Ghaeilge ó “bith + nua”=”i gcónaí nua” nó comhachtach — i gcoinne na ndeamhan is dóca.)

“Sa tseanaimsir ní raibh luibh níos cumhachtaí ná na beathnuanna chun deamhain a dhíbhirt nó chun cosaint ar gheasa agus ar dhrochshúil,” Flóra Chorca Dhuibhne, Máirín Uí Chonchubhair agus Aidán Ó Conchúir. Sna meán aoiseann bhí an cháil chéadna ar an luibh ar fuaid na hEorpa mar is léir ón ainm a bhí uirthi, Fuego Daemonum nó “díbirt deamhan.”

Bhí ainmneacha eile ag na hÉireannaigh ar an bplanda — Lus na Maighdine Muire agus Lus Cholm Cille agus ar ndóigh, Luibh Eoin Baiste. Fágann sin gur luibh an-tábhtacht ab ea í agus na hainmneacha móra sin a lua léi. Suas go dtí an aois seo, dóití an Beathnua sna tínte cnámh, Oíche Naomh Eoin, 23 Meitheamh agus creidtí go raibh leigheas sa deatach. Gan dabht bhain an Beathnua le ceiliúradh ghrianstad an tsamhraidh suas go teacht na Críostaíochta agus dob ansan a cuireadh Luibh Eoin Baiste air. Cé go bhfuil cuid mhaith draíochta ag baint leis an mBeathnua is léir freisin gur tuigeadh fós in áiteanna cé chomh héifeachtach is a bhí sé mar leigheas ar ghalair áirithe.

Féach cad deir Niochlas Williams ina leabhar iontach Díolaim Luibheanna: “I gCo. Port Láirge mholtaí an Beathnua in aghaidh “taom aerach,” i. Chun dúlagar agus cineálacha eile gealtacha a leigheas. I Manainn d’úsáidtí an Beathnua mar leigheas ar neirbhís agus dúlagar. Is iarsma feidhm shiciatrach an phlanda, is dóca, dá úsáid tráth mar luibh deamhandíbeartha.” Ach, seans gurbh iad deamhain an dúlagair agus an schizophrenia 7rl, a bhí á ndíbirt ag na sean lusracháin ó thosach leis an mBeathnua. Ina dhiaidh a thuigtear gach beart. Ní mór duit a mheabhrú gur creideadh tráth gurbh iad na deamhain nó na hainsprideanna ba chúis le meabhairghalar. Ba rúndiamhair an bhreoiteacht. Dheinidís iarracht an ruaigh a chur uirthi, le paidreacha, draíocht, orthaí agus luibheanna. Tuigtear anois gur éirigh leo go minic teacht ar luibh a chuir an ruaigh ar na deamhain, i. luibh a leigheas an galar.

Tá scéilín ag Nicholas Williams faoi Cholm Cille agus an Beathnua. Dála an scéil, Asclán Cholm Cille a thugtar ar an luibh in Albain. Bhí an naomh, oíche, amuigh ag siúl ar thaobh cnuic, nuair a casadh buachaill óg air agus é ag aoireacht bó. Bhí an buachaill boch ag gol agus ba léir don naomh go raibh eagla mór air. Nuair a cheistigh Colm Cille é dúirt sé go raibh sceon agus uamhan air roimh na púcaí agus roimh a athair mar go maródh sé é dá n-imeodh na beithíg ar seachrán. Ná bíodh aon imní ort arsan naomh mar tá leigheas agam ar do ghalar. Le sin chrom sé síos agus staith sé an Beathnua agus shín chun an bhuachalla é. Dúirt leis é a chur faoina ascaill agus luí síos agus codladh go sámh go maidin mar nách ndéanfaí aon dochar dó as sin amach.

Cuireann sé sin scéal i gcuimhne dhom agus ní fheadar cár chualas é. Bhí fiagaí cáiliúil in Iarthar Chorcaí tráth. Bhí sé lá i gcomhluadar fiagaithe óga agus chuir duine acu ceist air. “Deir siad nách mbacann an mactíre leis an nduine a mbíonn caisearbhán aige ina phóca — an fíor sin?” “Is fíor mhuis,” arsan fiagaí, “ach braitheann sé ar an luas a bhíonn fé ag an am.” É mo scél!

Le Barra Ó Donnabháin


NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.