|
Tamall ó shoin, chuir
Máire Mhic Mhuiris scairt orm ag lorg eolais faoi an
bhFáinne an comhartha óir sin a chaitheann cuid de
lucht labhartha na Gaeilge ar a gcótaí. Ba chuimhin liom
go raibh baint éigin ag Piaras Ó Béaslaí
leis, agus cheapas go raibh sé i bpriosún i Sasana,
taréis Éirí Amach na Cásca 1916, nuair a
smaoinigh sé ar an bhFáinne mar chomhartha labhartha na
teanga. Bhí dul amú orm. Bhí baint aige leis an
bhFáinne ceart go leor ach fágfad faoi Phiaras féin
an scéal a insint ar ball, thíos. Nollaig Ó
Gadhra, cé eile, a d'aimsigh an píosa seo dhom agus
táim ana bhuíoch de as. Ach ar dtús cúpla
focal faoi Phiaras.
Rugadh i Learpholl Sasana
é in 1881 agus fuair sé bás i mBaile Atha Cliath i
1965. Iriseoir ab ea é i Londain i dtosach agus tháinig
sé go Baile Atha Cliath i 1904, mar ar oibrigh sé mar
iriseoir freisin. Ó 1911 amach thug sé é
fhéin idir anam is chorp do chúis na Gaeilge agus na
saoirse. Chreid sé gurbh arm í an teanga san troid ar son
na saoirse agus ba uaidh a fuair Pádraig Mac Piarais an rosc
catha " Éire Saor agus Éire Gaelach." Ba ghléas
cogaidh é an peann agus é lán chomh cumhachtach
leis an ngunna, dar leis. Ba leas-cheannaire é ar Fheadhan 1 des
na hÓglaigh i mBaile Atha Cliath i 1916. Gabhadh é faoi
dhó agus d'éaluigh sé faoi dhó. Bhí
sé ina Cheannaire Bolscaireachta ag an IRA i rith Chogadh na
Saoirse.
Toghadh é mar TD ó
Chiarraí Thoir i 1918. Bhí sé ina Ghinerál
in Arm an tSaor Stáit ar fead tamaill. D'éirigh sé
as an Dáil i 1923 agus as an Arm i 1924 chun a shaol a chaitheamh
le scríobhnóireacht. Scríobh sé
beathaisnéis Mhíchíl Uí Choileáin.
Ar na leabhair i nGaeilge a scríobh sé tá
Fear na Milliún Púnt, BAC 1915; Bealtaine 1916 agus
Dánta eile, BAC 1920; Astronár, BAC 1928; An Danar, BAC,
1929;:Éigse nua-Ghaeilge, BAC, 1933-34; An Fear Fograidheachta,
BAC,1938; Earc agus Aine agus Scéalta eile, BAC, 1946. Agus
anois seo dhaoibh scéal an Fháinne i bhfocail Phiarais (
ó Iris an Fháinne, Lúnasa 1922).
"I ngeimhreadh na bliana 1915,
bhí droch-dheallramh ar obair na Gaeilge agus ar gach rud a
bhain le náisiúntacht. Bhí an Conradh go lag agus
gannachúis airgid ag goilliúint air. Bhí
alán desna Gaeilibh dob fhearr sáite i n-obair na
n-Óglach agus dearmad dá dhéanamh acu le labhairt
na Gaeilge. Bhí mí-mhisneach ag teacht ar alán de
lucht na Gaeilge.
Lena linn sin do ráinig
dom aiste scríobhadh don Leader ag moladh do
Ghaeilgeoiríbh cumann a chur ar bun de dhaoine a bheadh fé
mhóid sholamhanta gan ach Gaeilge a labhairt ar
ócáidí áirithe nó le
Gaeilgeoiríbh eile, agus comhartha soiléir a bheith le
caitheamh acu. Bhrathas gur ghá rud éigin den tsort son a
dhéanamh.
Do scríobh daoine eile
litreacha i gcomhair an Leader, cuid acu ag moladh an phlean agus cuid
acu ag cur ina choinnibh. Do mhol Liam Ó Rinn go mór
é agus thug cabhair dom. Ansan tháinig Tadhg Ó
Sganaill agus Colm Ó Murchú chugam agus d'iarradar orm
tionól a thabhairt le chéile d'fhonn an chomhairle a chur
i bhfeidhm. An bheirt sin do thionnscain an obair ar fad. Chuas chun
cainnte le "Cú Uladh" agus do mhol seisean an plean go mór
agus do gheall cabhair agus cúnamh dúinn.
Do shocraíomar ar
tinól a bheith againn i gCraoibh an Chéitinnigh lá
éigin in Earrach na bliana 1916 --- ní cuimhin liom an
dáta. Chuamar go dtí an Ard-Chraobh ar dtús, an
oíche úd mar bhí "seanchus" ar siúl ag
Gaeilgeoirí na hArd Chraoibhe agus do chuireamar ár bplean
féna mbráid. Thánadar go léir inár
dteannta go dtí Craobh an Chéitinnigh. Bhí
"Cú Uladh" ann romhainn. Do cuireadh an tionól ar
siúl agus do cinneadh ar an gcumann do bhunú.
Do mhol Colm Ó
Murchú dhúinn "An Fáinne Gaelach" a thabhairt air.
Ghlac an tionól leis an bhFáinne ach d'fhágadar an
chuid eile den teideal ar lár. Ceapadh Comhaltas chun an obair a
chur i dtreó. B'é céad chúram a cuireadh ar
an gComhaltas ná comhartha a cheapadh i gcomhair an
Fháinne.
Is dóigh liom gurbh
é Tadhg Ó Sganaill a chéad chuimhnigh ar an
"Fáinne" a bheith mar chomhartha againn. Inspioráid ab ea
é. Samhluíonn alán daoine gur ceapadh an comhartha
ar dtús agus teideal an chumainn ina dhiaidh; ach ní mar
sin do bhí. D'fhás an comhartha as an dteideal; agus
nuair a cheap Colm Ó Murchú an teideal ní raibh aon
chuimhneamh againn ar an gcomhartha.
Is ar éigin a bhí
tosaithe ar obair an Fháinne nuair a tháinig "Seachtain na
Cásga" agus sciobadh chun siúil cuid den dream beag a
bhí ag baint leis; ach do leanadh den obair, agus tá fhios
ag an saol connas mar éirigh leis ó shoin."
Bhuel sin agaibh an scéal
ó bhéal an chapaill mar a déarfá.
Fáinní móra a bhíod ann i dtosach ach tamall
de bhlianta ó shoin chromadar ar chinn bheaga a chur amach ina
n-ionad. Bhuel tá an ceann mór le fáil
arís. Má tá eolas nó Fáinne uait
scríobh chuig: Pádraig Ó Mathúna, 98-99 An
Phríomhshráid, Caiseal Mumhan, Co. Thiobraid Arann.
nó An Fáinne Conradh na Gaeilge, 6 Sráid
Fhearchair, Baile Atha Cliath 2. Bláth na bliana oraibh!
Le Barra Ó Donnabháin.
|