|
Tuairim is a trí a chlog ar maidin, ar an gcéad lá
de Mheitheamh, 1866, chuir míle Fínín Abhainn Niagara
anonn díobh fhéin agus bhuaileadar talamh i gCeanada. Bhíodar
fé cheannas an Ginerál Seán Ó Néill. Ghabhadar
Waterloo agus Fort Erie, agus d'árdaíodar an trídhathach ós
cionn an dúin brat den tsort a bhronn Alphonse de Lamartine, Uachtarán
na Frainnce, ar na hÉireannaigh Óga in 1848. Bhí na litreacha
IRA greanta ar na cnaipí ar chasóga na bhfear agus bhí brat ag treabhadh
na gaoithe ós a gcionn a raibh na litreacha céana scrite air. B' shin é
an chéad uair don bhrat agus don IRA bheith i dtroid i gcoinne an t-sean namhad.
Scriosadar an bóthar iarainn agus ghearradar na sreanga teileagraif.
Ghluais an slua síos an abhainn i dtreo Chippawa agus d'fhanadar thar oíche
i Frenchman's Creek. An mhaidin dar gcionn thugadar a n-aghaidh ar Ridgeway, baile beag,
thart ar deich míle slí ó Waterloo. Bhí fáisnéis
ag Ó Néill go raibh buíonn míle fear, de chuid arm Cheanada, ag
druidim i dtreo an bhaile. Fearadh cath idir an dá arm agus cuireadh an ruaigh ar
mhuintir Cheanada. Maraíodh seisear Éireannach agus fiche Ceanadach.
Ó bhí a chuid lón cogaidh ag éirí gann ghluais
Ó Néill ar ais i dtreo Fort Erie agus é ag súil le
trúpaí athneartaithe, lón cogaidh agus bia on dtaobh eile den
abhainn. Bhí dream Ceanadach táréis seilbh a ghlachadh arís
ar an ndún ach ghabh na hÉireannaigh arís é gan
mórán dua. Fuair Ó Néill teachtaireacht ansan, nách
raibh cabhair d'aon tsort ag teacht chuige ón dtaobh eile mar go raibh an chuid
is mó des na Fíníní gafa ag na Meiriceánaigh. Chinn
sé láithreach ar chúlú ar ais go Meiriceá.
De réir phlean an IRB, ní raibh san ionsaí seo ach an triú
cuid den straitéis. Cúpla bliain roimis an ionsaí seo d'éirigh
idir dhá dhream dena Fíníní. Taréis na scoilte,
thréigh formhór na bhFíníní i Meiriceá Seán
Ó Mathúna agus chuadar le W. R. Roberts agus an "Senate Wing." Thogh Roberts,
Major General Fighting Tom Sweeney mar Rúnaí Cogaidh agus dob'é siúd
a leag amach na pleananna. Fear éifeachtach, ábalta a raibh ana chleachtadh
aige ar chogaíocht ab ea é. Is é rud a bhí ar aigne aige ná
na Sasanaigh a mhealladh le dhá ionsaí i dtreo Toronto. Ansan nuair a bheadh
formhór fórsaí Shasana ag cosaint Toronto d'ionnsódh arm eile
Fíníní, Montreal.
Scriosfaidís na drochaid agus na bóithre iarainn agus ní bheadh
na Sasanaigh in ann teacht chun fóirthint ar Montreal. Bhí faidhb acu,
ámh, ---- d'fhan móramh na bhFíníní i gCeanada dílis
do Sheán Ó Mathúna. Ach níorbh é sin an fhaidhb ba
mhó a bhí acu.
Bhraith an plean go hiomlán ar dhea-mhéinn Rialtas Mheiricea. Cheap Sweeney
agus Roberts go raibh focal Andrew Johnson acu --- nách mbacfadh sé leo agus
dá n-éireódh leo Poblacht a chur ar bun i gCeanada, go n-glacfadh
sé leí.
Bhí coinne ag Roberts leis agus glactar go coitianta leis gur thug an tUachtarán
an "ar aghaidh libh" dó. Ach ceaptar freisin go raibh Johnson ag tochras ar a
cheirtlín féin.
Díreach taréis an chogaidh chathartha bhí seintimint láidir
fhrithshasanach i dtuaisceart na tíre seo. Sháraigh na Sasanaigh Acht
Neodrachta 1818 nuair a ghlacadar leis na Stáit Chomhcheangailte.
Sholáthraíodar lón cogaidh agus báid chogaidh dóibh.
NÌor chuir na húdaráis i gCeanada aon chosc ar na creachadóirí
agus na sceimhealtóirí de chuid an deiscirt, a bhí ag maireachtáil
i gCeanada agus ag dul ó dheas treasna na teorann ag ionsaí bád ar na
Locha Móra agus ag dó bailte i Meiriceá. Dhódar St Albans,
Vermont go talamh. De dheasca an droch-ghnímh seo thug Gen. John Dixon órdú
dá shaighdiuirí na creachadóirí a leanúint treasna na
teorann ó thuaidh. Chuir Lincoln stop leis. Bhí amhrán ag
saighdiuirí na hAontachta taréis Richmond, go raibh an líne seo ann
Johnny Bull, we'll settle next with you!"
Ní raibh na Meiriceánaigh chun rudaí den tsort seo a ligint in aisce
leo agus d'iarradar suim mhór airgid orthu in éiric na héagóra.
Ní raibh aon fhonn ar na Sasanaigh scaradh leis an saghas seo airgid. Thabharfadh
Andrew Johnson le fios dóibh cé bhí i gceannas. Níor chuir
sé isteach ar na Fíníní agus iad ag ceannach arm ---
ceannaíodar dhá bhád chogaidh agus na mílte gunna. Bhailigh
na sluaite fear fan na teorann. Cinnte chuir údarás áitiúil
isteach orthu, ar a chonlán féin, ó am go chéile, ach níor
tháinig Johnson amach ina gcoinne go dtí an 6ú lá de Mheitheamh.
Bhí ceacht foghlamtha ag na Sasanaigh fán am seo agus ghealladar $15,000,000
do Mheiriceá.
Tháinigh Meiriceá go maith as, ach cad mar gheall ar Cheanada? Bliain i
ndiaidh Ridgeway deineadh Dominion of Canada di. Bhí lámh ag na
Fíníní sa chinneadh sin. Má bhíonn seans agaibh
léigí "Ridgeway, The Fenian Raids and The Making of Canada," by Peter
Berresford Ellis --- from The Untold Story: The Irish in Canada edited by Robert Ó
Driscoll and Lorna Reynolds.
Murach an scoilt, camastaíl Andrew Johnson, agus na spiairí, níl fhios
againn cad a thárlódh. Gan dabht chuir an scoilt san IRB deireadh le
cumhacht na bhFíníní i gCeanada féin. Sa deireadh thiar ba
é an trua é nár éist Ó Mathúna lena gcáirde
agus nár éirigh leis teacht le chéile le Roberts agus Sweeny. Goileann
an t-eascairdeas sin go mór orm-sa mar dob as Corcaigh an triúr acu. É
mo scéal.
Le Barra Ó Donnabháin.
|