Cart

Recent Posts

Fág an Bealach

Tuairim is a trí a chlog ar maidin, ar an gcéad lá de Mheitheamh, 1866, chuir míle Fínín Abhainn Niagara anonn díobh fhéin agus bhuaileadar talamh i gCeanada. Bhíodar fé cheannas an Ginerál Seán Ó Néill. Ghabhadar Waterloo agus Fort Erie, agus d’árdaíodar an trídhathach ós cionn an dúin brat den tsort a bhronn Alphonse de Lamartine, Uachtarán na Frainnce, ar na hÉireannaigh Óga in 1848. Bhí na litreacha IRA greanta ar na cnaipí ar chasóga na bhfear agus bhí brat ag treabhadh na gaoithe ós a gcionn a raibh na litreacha céana scrite air. B’ shin é an chéad uair don bhrat agus don IRA bheith i dtroid i gcoinne an t-sean namhad.

Scriosadar an bóthar iarainn agus ghearradar na sreanga teileagraif. Ghluais an slua síos an abhainn i dtreo Chippawa agus d’fhanadar thar oíche i Frenchman’s Creek. An mhaidin dar gcionn thugadar a n-aghaidh ar Ridgeway, baile beag, thart ar deich míle slí ó Waterloo. Bhí fáisnéis ag Ó Néill go raibh buíonn míle fear, de chuid arm Cheanada, ag druidim i dtreo an bhaile. Fearadh cath idir an dá arm agus cuireadh an ruaigh ar mhuintir Cheanada. Maraíodh seisear Éireannach agus fiche Ceanadach.

Ó bhí a chuid lón cogaidh ag éirí gann ghluais Ó Néill ar ais i dtreo Fort Erie agus é ag súil le trúpaí athneartaithe, lón cogaidh agus bia on dtaobh eile den abhainn. Bhí dream Ceanadach táréis seilbh a ghlachadh arís ar an ndún ach ghabh na hÉireannaigh arís é gan mórán dua. Fuair Ó Néill teachtaireacht ansan, nách raibh cabhair d’aon tsort ag teacht chuige ón dtaobh eile mar go raibh an chuid is mó des na Fíníní gafa ag na Meiriceánaigh. Chinn sé láithreach ar chúlú ar ais go Meiriceá.

De réir phlean an IRB, ní raibh san ionsaí seo ach an triú cuid den straitéis. Cúpla bliain roimis an ionsaí seo d’éirigh idir dhá dhream dena Fíníní. Taréis na scoilte, thréigh formhór na bhFíníní i Meiriceá Seán Ó Mathúna agus chuadar le W. R. Roberts agus an “Senate Wing.” Thogh Roberts, Major General Fighting Tom Sweeney mar Rúnaí Cogaidh agus dob’é siúd a leag amach na pleananna. Fear éifeachtach, ábalta a raibh ana chleachtadh aige ar chogaíocht ab ea é. Is é rud a bhí ar aigne aige ná na Sasanaigh a mhealladh le dhá ionsaí i dtreo Toronto. Ansan nuair a bheadh formhór fórsaí Shasana ag cosaint Toronto d’ionnsódh arm eile Fíníní, Montreal.

Scriosfaidís na drochaid agus na bóithre iarainn agus ní bheadh na Sasanaigh in ann teacht chun fóirthint ar Montreal. Bhí faidhb acu, ámh, —- d’fhan móramh na bhFíníní i gCeanada dílis do Sheán Ó Mathúna. Ach níorbh é sin an fhaidhb ba mhó a bhí acu.

Bhraith an plean go hiomlán ar dhea-mhéinn Rialtas Mheiricea. Cheap Sweeney agus Roberts go raibh focal Andrew Johnson acu — nách mbacfadh sé leo agus dá n-éireódh leo Poblacht a chur ar bun i gCeanada, go n-glacfadh sé leí.

Bhí coinne ag Roberts leis agus glactar go coitianta leis gur thug an tUachtarán an “ar aghaidh libh” dó. Ach ceaptar freisin go raibh Johnson ag tochras ar a cheirtlín féin.

Díreach taréis an chogaidh chathartha bhí seintimint láidir fhrithshasanach i dtuaisceart na tíre seo. Sháraigh na Sasanaigh Acht Neodrachta 1818 nuair a ghlacadar leis na Stáit Chomhcheangailte.

Sholáthraíodar lón cogaidh agus báid chogaidh dóibh. NÌor chuir na húdaráis i gCeanada aon chosc ar na creachadóirí agus na sceimhealtóirí de chuid an deiscirt, a bhí ag maireachtáil i gCeanada agus ag dul ó dheas treasna na teorann ag ionsaí bád ar na Locha Móra agus ag dó bailte i Meiriceá. Dhódar St Albans, Vermont go talamh. De dheasca an droch-ghnímh seo thug Gen. John Dixon órdú dá shaighdiuirí na creachadóirí a leanúint treasna na teorann ó thuaidh. Chuir Lincoln stop leis. Bhí amhrán ag saighdiuirí na hAontachta taréis Richmond, go raibh an líne seo ann Johnny Bull, we’ll settle next with you!”

Ní raibh na Meiriceánaigh chun rudaí den tsort seo a ligint in aisce leo agus d’iarradar suim mhór airgid orthu in éiric na héagóra. Ní raibh aon fhonn ar na Sasanaigh scaradh leis an saghas seo airgid. Thabharfadh Andrew Johnson le fios dóibh cé bhí i gceannas. Níor chuir sé isteach ar na Fíníní agus iad ag ceannach arm — ceannaíodar dhá bhád chogaidh agus na mílte gunna. Bhailigh na sluaite fear fan na teorann. Cinnte chuir údarás áitiúil isteach orthu, ar a chonlán féin, ó am go chéile, ach níor tháinig Johnson amach ina gcoinne go dtí an 6ú lá de Mheitheamh. Bhí ceacht foghlamtha ag na Sasanaigh fán am seo agus ghealladar $15,000,000 do Mheiriceá.

Tháinigh Meiriceá go maith as, ach cad mar gheall ar Cheanada? Bliain i ndiaidh Ridgeway deineadh Dominion of Canada di. Bhí lámh ag na Fíníní sa chinneadh sin. Má bhíonn seans agaibh léigí “Ridgeway, The Fenian Raids and The Making of Canada,” by Peter Berresford Ellis — from The Untold Story: The Irish in Canada edited by Robert Ó Driscoll and Lorna Reynolds.

Murach an scoilt, camastaíl Andrew Johnson, agus na spiairí, níl fhios againn cad a thárlódh. Gan dabht chuir an scoilt san IRB deireadh le cumhacht na bhFíníní i gCeanada féin. Sa deireadh thiar ba é an trua é nár éist Ó Mathúna lena gcáirde agus nár éirigh leis teacht le chéile le Roberts agus Sweeny. Goileann an t-eascairdeas sin go mór orm-sa mar dob as Corcaigh an triúr acu. É mo scéal.

Le Barra Ó Donnabháin


NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.