Cart

Recent Posts

Ethel Brogan

Ár mBunaitheoir (Our Founder)
1926 – 2011

ethel.jpg

I gCUIMHNE AR ETHEL

Memories of Ethel

 


– 1948 –

 

ethel1948a.jpg

CATHAIR NUA-EABHRAC

 

Rugadh agus tógadh Ethel Brogan i gCathair Ard Mhaca i dTuaisceart na h-Éireann. Nuair a bhí sí ina cailín óg, chaith sí a laetheanta i measc an chultúir Ghaelach. B’in é an uair ar thit Ethel i ngrá leis an nGaeilge. Chuaigh sí ar imirce sa mbliain 1946, agus chaith sí na ceithre bliana ina dhiaidh sin i gCathair Nua-Eabhrac. Sa deireadh, d’aistrigh sí amach faoin tuaith i Stát Nua-Eabhrac lena fear céile, Bill Brogan.

ethel1948b.jpg

Shocraigh Ethel an chéad Deireadh Seachtain na Gaeltachta faoi Mhárta 1981. Tá a fhios ag an domhan an scéal ó shin amach. Níor stad Ethel ag obair ar son na cúise ón uair sin, ague lean sí ar aghaidh breis ‘is tríocha bliana. D’ullmhaigh sí Deireadh Seachtaine eile, agus ansin ceann eile, agus thar éis sin ceann eile fós. Chun cabhair a thabhairt di leis an misean seo, bunaíodh “Daltaí na Gaeilge” leis an t-aon chuspóir amháin – “Chun an Ghaeilge a mhúineadh agus í a chuir chun cinn”. Sa lá atá inniu ann, bíonn sceideal lán réite ag Daltaí na Gaeilge i gcaitheamh na bliana ar fad. Bíonn cláir tairgthe ag Daltaí na Gaeilge i Stát Nua-Eabhrac, Nua-Gheirsí agus Coill Phenn.

Seo a scéal, agus ár scéal fhéin, i ngrianghraif.

 


– Sna ’80í –
(The 1980’s)

CNOC FIA, NUA-EABHRAC

ceathrar80i.jpg

Ethel, Greg, Séamus agus Treasa sa ‘Loft’.

 

dream80i.jpg

. . . . Agus an dream uilig.

 


– Sna ’90í –
(The 1990’s)

 

2gradam90i.jpg Fuair Ethel gradam ar leith ag an Irish American Center i Mineola, Nua-Eabhrac. 2siceago90i.jpg

– AG NA DÍOSPÓIREACHTAÍ –

Ethel agus beirt chara ó Fhoireann Siceagó

 

3piano90i.jpg 2skit90i.jpg


Ethel – Ag déanamh spraoi lena cairde in Esopus.

 


– 1998 –

BEALTAINE – ESOPUS, NUA-EABHRAC

 

 

Buaiteóirí an Fháinne Airgid

3airgead.jpg

 

Agus Buaiteóirí na Scoláireachtaí

3scholars.jpg

MÍ IÚIL – CNOC FIA, NUA-EABHRAC

 

ainnir.jpg dathanlae.jpg

dream0798.jpg

MEÁN FÓMHAIR – ESOPUS, NUA-EABHRAC

 

COMHGHAIRDEAS LE:

Mairéad Geehern –
Buaiteóir an
Fháinne Airgid!

geehern.jpg

nagasuir.jpg

COMÓRADH AR ÉIRÍ AMACH 1798
COMMEMORATION OF THE UPRISING OF 1798

ethel1798.jpg Tháining dream mór go leor Daltaí le céile i bPoughkeepsie, New York nuair a thug an Kevin Barry Irish Club lá comóraidh ar 1798.

SAMHAIN – JAMISON, COILL PHENN

fainneoir1198.jpg

fairgid1198.jpg

 


– 1999 –

FEABHRA – ESOPUS, NUA-EABHRAC

fa3.jpg

COMHGHAIRDEAS LE: Buaiteoirí na bhFáinní Airgid

 

 

ethel0299.jpg groupm.jpg

MÁRTA – Um Lá Fhéile Pádraig

 

pbaguse.jpg

 

BEALTAINE – ESOPUS, NUA-EABHRAC

 

 

Bronnadh scoláireachtaí ar Threasa Ní Laoi, mar mhúinteoir, agus ar Ghobnait Humphreys, mar scoláire. Agus mar gheall ar an méid oibre a bhí déanta ag Tomaí Mion ar son Dhaltaí na Gaeilge fuair sé scoláireacht don Seachtain Gaeilge. scholars0599.jpg

SA SAMHRADH – Ag na Feiseanna

 

rockland.jpg

iona99.jpg

 

MÍ IÚIL – CNOC FIA, NUA-EABHRAC

 

 

cnocfia1999.jpg

Bhíodh nós ag Ethel ‘plean an lae’ a mhíniú do Liam amuigh faoin spéir.

 

fainne0799.jpg

COMHGHAIRDEAS le Buaiteoirí na bhFáinní: Cora agus Frank Mackey. Fuair siad a bhfáinní airgid.

maguse0799.jpg

Agus maidir le Máirín Loftus – Is fiú ór anois í!

dream0799.jpg

SAMHAIN – JAMISON, COILL PHENN

 

An Cruinniú! Leag Ethel amach na rialacha agus na rialacháin dhúinn agus cuir sí fáilte mhór roimh na Daltaí go léir idir shean agus nua.

ethel1199.jpg

 


– 2000 –

FEABHRA – ESOPUS, NUA-EABHRAC

 

 

cathalagusethel0200.jpg

Tráthnóna Dé Sathairn, tháinig Cathal Ó Searcaigh, agus topaí (hata beag Nepealach) deas ar a cheann, chugainn léacht a thabhairt dhúinn ar a chuid fhiliochta.

ethelrayagusjenny0200.jpg

An tráthnóna céanna, tháinig Ray agus Jenny Mac Mánais chugainn arís. Daoine cróga nach iad? Anuraidh ní raibh aithne acu orainn ach cén leithsceal a bhí acu i mbliana?

ETHELFEST 2000 – 15 Aibreán

 

Bhí an-oíche againn agus muid bailithe sa Holiday Inn i bhFishkill, Nua Eabhrach.

eframe0400.jpg

Tháinig 120 againn le céile onóir a thabhairt d’Ethel Brogan, bunaitheoir Dhaltaí na Gaeilge. Bhí nua gach bia agus sean gach dí ann agus ar ndóigh cairdeas den scoth. Agus ní raibh orainn aon rud ar bith a dhéanamh ach sult a bhaint as an oíche.

BEALTAINE – ESOPUS, NUA-EABHRAC

 

esopusmay2000.jpg deirdreethelagusp0500.jpg

 

SA SAMHRADH IN ÉIRINN


Tá sé againn ó urra maith gur bhuail Máire Mhic Ghiolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, le hEthel Brogan i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall.
ethelagusuachtaran0700.jpg

 

jamisonnov2000.jpg

SAMHAIN – JAMISON,
COILL PHENN

 


– 2001 –

FEABHRA – ESOPUS, NUA-EABHRAC

 

 

esopusfeb2001.jpg

 

Ceardlann na Múinteoirí 2001

 


BEALTAINE – ESOPUS, NUA-EABHRAC

tomasabernathy0501.jpg

Mollaí agus Ethel le Tomás Abernethy a fuair an fáinne óir. Chomhgháirdeas leis!

NAACLT – OLLSCOIL NAOMH PEADAR

 

JERSEY CITY, NEW JERSEY

8 de Mheitheamh 2001

Bhí léachtóirí den scoth ann, ach cé go raibh siad go léir thar barr, an príomhchúis dhúinn bheith ann ná go mbeadh ár n-Ethel féin ag tabhairt léacht dhúinn – An Teanga Ghaeilge – Ní cúrsa í ach gluaiseacht.

ethelnaaclt0601.jpg

naacltdream0601.jpg

Bhí a lán dá Daltaí dílis ann ag tnúth lena léacht…
Agus bhíomar béasach ciúin agus í ag caint!

naacltgrupai0601.jpg

 

MÍ IÚIL – CNOC FIA, NUA-EABHRAC

cairdebui0701.jpg

Bhfuel, bhí sé mar a bhíonn sé ag Cnoc Fia sa samhradh. Agus, ar ndóigh, bhí an póirse plódaithe ó mhaidin go hoíche.

dreamcnocfia0701.jpg

MEÁN FÓMHAIR – ESOPUS, NUA-EABHRAC

marist0911.jpg
Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
Mt. 5:4

Ba mhór an sólás é teacht le chéile tar éis an uafáis sa World Trade Center. Thuig Ethel, an bhean fheasa sin, gur theastaigh ár gcairde uainn agus muid faoi bhrón. Duirt sí go leanfaimis ar aghaidh. Mar sin, cé nar chuaigh ach trí lá thart, tháinig Daltaí na Gaeilge le chéile le haghaidh an deireadh seachtaine a bhí beartaithe againn.

SAMHAIN – JAMISON, COILL PHENN

Ethel le Mollaí Mhic Chionnaigh agus Buaiteóirí an Fháinne Airgid, Seán Mac Cumascaigh agus Criostóir Williams.

jameson2001.jpg


– 2002 –

FEABHRA – ESOPUS, NUA-EABHRAC

<esopusfeb2002a.jpg

Ethel agus ár sean chara dílis, An t-Uas. Liam Ó Cuinneagáin, bunaitheoir OIDEAS GAEL.

esopusfeb2002b.jpg

Ceardlann na Múinteoirí 2002

BEALTAINE – ESOPUS, NUA-EABHRAC

 

esopusmay2002.jpg

Ethel le Seán Tierney, múinteoir cumasach a fuair scoláireacht Dhaltaí na Gaeilge 2002. An bhliain dar gcionn bhunaigh seisean agus a bhean chéile, Helen, an Firefighter John Patrick Tierney Scholarship i gcuimhne ar a mac a fuair bás san ionsaí ar an World Trade Center.

 

MÍ IÚIL – CNOC FIA, NUA-EABHRAC
(An Uair Deireanach agus a Bhí Muid Ann)

airgid0702.jpg

oir0702.jpg

SAMHAIN – JAMISON, COILL PHENN

Ethel agus Seán Ó Tierney

beirtdheagoiri1102.jpg

oir1102.jpg     airgid1102.jpg


– 2003 –

FEABHRA – ESOPUS, NUA-EABHRAC

Bhronn Ethel an Fháinne Airgid ar Stiobhard Cassel, Caoimhín Rua Ó Cléirigh, Róibín Griskus, Treasa Níc Ghabhainn, Seósamh Ó Murchú agus Cáitlín Layton. Mar gheall ar an obair a bhí déanta acu agus go mbíonn siad toillteanach an Gaeilge a lábhairt chomh maith agus chomh minic agus is féidir, bíonn siad ábalta freastail ar an bhFáinne Wearers’ Ball – Deireadh Seachtaine Lán Gaeilge – gach bliain!

airgid0203.jpg

Níl tuiscint ag an domhan ar an obair iontach a bhí déanta ag Ethel leis na blianta fada ar son na teanga agus an chultúir. Tá gach duine níos láidre dá bharr. ethel_bill0203.jpg

MÁRTA – OILEÁN NA TRAIGH FHADA, NUA-GHEIRSÍ

saimhin0303.jpg Fáinne Wearers’ Ball
Bhíomar ar ár saimhín só tar éis an dinnéir blásta agus sinn inár suí ag baint suimíní as ár ndeochanna agus comhrá binn blásta Gaeilge a dhéanamh le chéile. Bhí an méid spóirt ar siúil againn is ar éigin a thugamar aird ar an stoirm toirní agus na splancacha thintrí amuigh.

BEALTAINE – ESOPUS, NUA-EABHRAC

Ethel le Rath de Houst a fuair
Scoláireacht ó Dhaltaí na Gaeilge.

2lerath0503.jpg

fainneairgid1103.jpg Comhghairdeas libh – Seosamh Farrell, Casey Ó Connor, Seosaimhín Horton agus Máire Cáit Nic Giodaire. Tá fáinní airgid agaibh anois. Fáinní óir oraibh!


– 2004 –

FEABHRA – ESOPUS, NUA-EABHRAC

Ena Szkoda agus Cáit Thopsey a fuair a
bhfáinní airgid ag an Deireadh Seachtaine.

comhghairdeas0204.jpg


ceardlann0204.jpg

An dream ó Cheardlann na Múinteoirí,
lenár sean chara Brother Don chomh maith.


MEITHEAMH – The Daltaí Cruise
Ó CHATHAIR NUA-EABHRAC GO CEANADA

cruise0604a.jpg cruise0604b.jpg

LÚNASA – SEACHTAIN NA GAELTACHTA – ESOPUS, NUA-EABHRAC


seachtain0804a.jpg seachtain0804b.jpg


seachtain0804c.jpg    NA DALTAÍ OLYMPICS

    ETHEL ABÚ !!!


SAMHAIN – JAMISON, COILL PHENN

jamison1104.jpg


– 2006 –

FEABHRA – ESOPUS, NUA-EABHRAC

esopusfeb2006b.jpg

An jab ab’fhearr le hEthel – Ag tabhairt amach na fáinní . . . . .

espousfeb2006a.jpg    . . . . . . Agus na daoine a fuair Fáinne Airgid: Lynn Schneider, Cáit Foley, Helen Krzywonos agus Cáit Casulli.


LÚNASA – SEACHTAIN NA GAELTACHTA
ESOPUS, NUA-EABHRAC

NA DALTAÍ OLYMPICS

Ethel agus Tomás Moriarty sna Rástaí Balún.

ethelagustomseachtain2006.jpg


– 2007 –


bealtaine2007a.jpg     

BEALTAINE – ESOPUS,
NUA-EABHRAC


Ethel le Hilary Mhic Suibhne a fuair an Firefighter John Patrick Tierney Scholarship.

LÚNASA – SEACHTAIN NA GAELTACHTA
ESOPUS, NUA-EABHRAC

NA DALTAÍ OLYMPICS –
    ARÍST!

Ethel ag déanamh a Grand Entrance lena fear comórtha, Stiobhárd Cassel.

seachtain2007a.jpg

seachtain2007b.jpg

Ethel ar mhuin na muice – i measc na bpáistí.


– 2008 –

AIBREÁN – CATHAIR NUA-EABHRAC

Seoladh ár leabhar Súil Siar (Cnuasach Aistí le Barr Ó Donnabháin)

ethelaguseamon0265.jpg

Sheol Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an leabhar. (Míle buíochas le Hilary Mhic Suibhne agus Eibhlín Zurell!) Agus ansin fuair sé an chéad cóip oifigiúil ó Ethel Brogan, bunaitheoir Dhaltaí na Gaeilge.


– 2010 –

LÚNASA – SEACHTAIN NA GAELTACHTA
ESOPUS, NUA-EABHRAC


NA DALTAÍ OLYMPICS –
ARÍST EILE!
Thit Ethel agus Pádraigín Dugan i ngrá leis an mbratach nua.

seachtain2010a.jpg

seachtain2010b.jpg

Ethel agus an dream uilig ag deireadh na Seachtaine.
Slán abhaile, a chroí.