|
Bhí alt ana
shimiúil san Iris Time le déanaí -- The Mood
Molecule. Sé bhí ann, cur síos ar dhrugaí a
úsáidtear inniú chun méid na cimice
serotonin san inchinn a rialú. Easpa serotonin, dar leis na
saineolaithe, is mó is cúis le galair
éagsúla ar nós, bulimia, domheanma nó
dúlagar, migrain, schizophrenia agus ionsaithe imní agus
scaoill. Usáidtear drugaí frithghruama faoi
láthair chun cuid mhaith des na galair seo a choimeád faoi
smacht. Ach mo léan géar bíonn faidhbeanna ag
gabháil leo go minic -- seachthorthaí baolacha.
Mí ó shoin
bhí scéal sna páipéirí á
rá go bhfuarthas amach go raibh dochar á dhéanamh
ag an druga Redux do chroíthe na ndaoine a bhí á
ghlacadh. Daoine a bhí ar aistí bia ag iarraidh roinnt
meachain a chailliúint is mó a bhí thíos
leis. Is amhlaidh a spreagann Redux na néaróga chun breis
serotonin a scaoileadh --- rud a thugann cómhartha don inchinn go
bhfuil go leor ithte ag an duine, agus a fhágann neamhochrach
é. Ní thuigeann siad fós conas a oibríonn
sé. Ana sheift ar fad ach amháin go ndéanann
sé dochar do chomhla sa chroí. Ach deir an t-alt go
bhfuil lus an-choitianta sa nádúr a
mhéadaíonn agus a neartaíonn cumas an serotonin sa
chorp agus nách bhfuil aon seachthoradh olc ag gabháil
lena úsáid. Tugtar Beathnua air sa Ghaeilge agus St.
Johns Worth sa Bhéarla. (Bithnua sa tSean-Ghaeilge ó
"bith + nua" = "i gcónaí nua" nó comhachtach -- i
gcoinne na ndeamhan is dóca.)
"Sa tseanaimsir ní raibh
luibh níos cumhachtaí ná na beathnuanna chun
deamhain a dhíbhirt nó chun cosaint ar gheasa agus ar
dhrochshúil," Flóra Chorca Dhuibhne, Máirín
Uí Chonchubhair agus Aidán Ó Conchúir. Sna
meán aoiseann bhí an cháil chéadna ar an
luibh ar fuaid na hEorpa mar is léir ón ainm a bhí
uirthi, Fuego Daemonum nó "díbirt deamhan."
Bhí ainmneacha eile ag na
hÉireannaigh ar an bplanda -- Lus na Maighdine Muire agus Lus
Cholm Cille agus ar ndóigh, Luibh Eoin Baiste. Fágann sin
gur luibh an-tábhtacht ab ea í agus na hainmneacha
móra sin a lua léi. Suas go dtí an aois seo,
dóití an Beathnua sna tínte cnámh,
Oíche Naomh Eoin, 23 Meitheamh agus creidtí go raibh
leigheas sa deatach. Gan dabht bhain an Beathnua le ceiliúradh
ghrianstad an tsamhraidh suas go teacht na Críostaíochta
agus dob ansan a cuireadh Luibh Eoin Baiste air.
Cé go bhfuil cuid mhaith draíochta ag baint leis an
mBeathnua is léir freisin gur tuigeadh fós in
áiteanna cé chomh héifeachtach is a bhí
sé mar leigheas ar ghalair áirithe.
Féach cad deir Niochlas
Williams ina leabhar iontach Díolaim Luibheanna: "I gCo. Port
Láirge mholtaí an Beathnua in aghaidh "taom aerach," i.
Chun dúlagar agus cineálacha eile gealtacha a leigheas. I
Manainn d'úsáidtí an Beathnua mar leigheas ar
neirbhís agus dúlagar. Is iarsma feidhm shiciatrach an
phlanda, is dóca, dá úsáid tráth mar
luibh deamhandíbeartha."
Ach, seans gurbh iad deamhain an dúlagair agus an schizophrenia
7rl, a bhí á ndíbirt ag na sean lusracháin
ó thosach leis an mBeathnua. Ina dhiaidh a thuigtear gach beart.
Ní mór duit a mheabhrú gur creideadh tráth
gurbh iad na deamhain nó na hainsprideanna ba chúis le
meabhairghalar. Ba rúndiamhair an bhreoiteacht.
Dheinidís iarracht an ruaigh a chur uirthi, le paidreacha,
draíocht, orthaí agus luibheanna. Tuigtear anois gur
éirigh leo go minic teacht ar luibh a chuir an ruaigh ar na
deamhain, i. luibh a leigheas an galar.
Tá scéilín
ag Nicholas Williams faoi Cholm Cille agus an Beathnua. Dála an
scéil, Asclán Cholm Cille a thugtar ar an luibh in Albain.
Bhí an naomh, oíche, amuigh ag siúl ar thaobh
cnuic, nuair a casadh buachaill óg air agus é ag aoireacht
bó. Bhí an buachaill boch ag gol agus ba léir don
naomh go raibh eagla mór air. Nuair a cheistigh Colm Cille
é dúirt sé go raibh sceon agus uamhan air roimh na
púcaí agus roimh a athair mar go maródh sé
é dá n-imeodh na beithíg ar seachrán.
Ná bíodh aon imní ort arsan naomh mar tá
leigheas agam ar do ghalar. Le sin chrom sé síos agus
staith sé an Beathnua agus shín chun an bhuachalla
é. Dúirt leis é a chur faoina ascaill agus
luí síos agus codladh go sámh go maidin mar
nách ndéanfaí aon dochar dó as sin amach.
Cuireann sé sin
scéal i gcuimhne dhom agus ní fheadar cár chualas
é. Bhí fiagaí cáiliúil in Iarthar
Chorcaí tráth. Bhí sé lá i
gcomhluadar fiagaithe óga agus chuir duine acu ceist air. "Deir
siad nách mbacann an mactíre leis an nduine a
mbíonn caisearbhán aige ina phóca --- an
fíor sin?" "Is fíor mhuis," arsan fiagaí, "ach
braitheann sé ar an luas a bhíonn fé ag an am."
É mo scél!
Le Barra Ó Donnabháin.
|