Bhí
ana-mheas agam féin ar Jer. Bhíodh focal aca ar dhuine mar Jer
fadó -- ceardaí. Ní gabha ná siúnéir
a bhíodh i gceist aca ach cleasaí nó carachtar.
"Seó bóthair" a thug mo mháthair ar Jer bocht. Ní
raibh meas aici riamh ar na tithe tabhairne ná ar na daoine a
ghnáthaigh iad. " Ní fheadar ó thalamh an domhain cad
é an néall a bhíonn ortha chun na dí, masmas go
gcuire sí ortha." " An balbhán béice sin ag ól is
ag ragairne agus an t-ainniseoir bocht (máthair Jer) caite thoir i Meall
an tSrutháin ina haonair."
Ní dóigh liom go raibh
faidhb ar bith ag Jer leis an ól, ach an fhaidhb a bhíodh aige ag
iarraidh íoch as, mar a déarfadh sé féin. Ní
fhacas riamh ar meisce é. Ba bhrea leis bheith i gcomhlúdar
daoine agus bhíodh lucht éisteachta aige sna tithe leanna.
Lá dár bhuaileas isteach
Tig Uí Shíocháin bhí Jer istig romham. Ní
raibh ann ach é féin agus beirt allúrach ag an gcuntar.
Bhí sé ina shuí ag bord agus páipéar leata
amach ós a chomhair. "Gabh i leith chugam," ar sé, "agus buail
fút cathaoir." "Tá fear annso sa pháipéar a
rá gurb iad tiománaithe ólta faoi ndear 40% de
thimpistí bóthair." "Más ea, nách iad na daoine
atá comh stuama le breitheamh is cúis le 60% díobh." "
Feictear domhsa go bhfuil sé níos sabháilte bheith ag
tomáint ólta mar sin." Bhain an bheirt ag an gcuntar
an-taithneamh as an gcomhradh seo agus thairg siad deoch do Jer. Ghlac Jer go
fonnmhar leis an tairscint sin agus d'fhágas an bheirt agus cluas ortha
ag éisteacht, fé dhraíocht an fhealsaimh.
Bhí Jer ina shaghas Gobán
Saor sa cheantar. Dá mbeadh sionnach ag cur isteach ort nó tobar
as feidhm nó crann le leagadh, is air a ghlaofá. Choineacas
lá é agus mé ag dul thar bráid, ag glanadh
casáin do thabhairneoir. Stadas agus bheannuíos dó.
"Téanam ort " arsa mise, "Bíodh deoch againn." " Beidh mé
leat" ar sé, " ach an carn cosamair seo a chur chun críche."
Bhuaileas isteach agus chaitheas tamall gairid ag labhairt le fear a tí
agus tiománaí leoraí de chuid Guinneas. Tháinig Jer
isteach agus bhí cúpla deoch againn agus bhuaileas chun
bóthair arís.
Leath mhíle slí laistiar
den bhaile cad a chonaiceas ach an leoraí ar leath taobh sráide
agus an tiománaí bocht ag iarraidh craobhacha sceiche agus
driseáin agus nantóga a chaitheamh amach as. Thuigeas
láithreach cad a thárla agus dóbair dom dul thar
chlaí isteach le racht suilt. Bhí clúdach canbháis
ar an leoraí agus níor dhein Jer ach é a scaoileadh agus an
bruscar a chaitheamh isteach fhaid a bhí an tiománaí istig
ag cainnt le fear a tí. Is dócha gur chuala an
tiománaí fothram na dtor ag lúscadh taobh thiar de.
Is cuimhin liom oíche eile nuair a
thosaigh raic idir Jer agus na hUí Choileáin, mar gheall ar "gar
beag " a rinne Jer dóibh cúpla lá roimis sin. Dob amhlaidh
a bhuail carr madra de mhadraibh na gChoileánach, rud a d'fhág ar
mire é. D' iarr siad ar Jer teacht agus é a lámhach.
Tháinig Jer agus mharaigh sé an madra mí-cheart.
Dúirt sé gur thug an madra confach sunc don cheann eile
díreach sul ar scaoil sé fé agus nách raibh leigheas
aige ar an scéal.
Bhí an t-adh leis gur thug
sé a chosa leis an lá sin agus bean Uí Choileáin
agus a seachtar cloinne sa tóir air. Bí an spéir dubh le
clocha agus mallachtaí. Níor réitigh sé leo go
dtí gur bhron sé coileán brea dá chuid féin
ortha in éiric na héagóra.
Bhain Jer le haois eile agus nuair a
sciob an ailse leis é d'fhág sé poll mór ina
dhiaidh. Ach d'fhág sé saibhreas ina dhiaidh. D'fhág
sé na mílte ag gáire. Ní beag sin de theist ar an
bhfear macánta.
Le Barra Ó Donnabháin