|
Ní fiú deich triuf é
adeirtear faoi rud gan mhaith. Chun an abairt sin a thuiscint ní
mór duit eolas bheith agat ar na cártaí. Is chuige
sin a bhfuilim-se san alt seo. Iarradh orm píosa beag a
scríobh de bharr go bhfuil suim nua á cur sna
cártaí le déanaí.
Tá ceithre shaghas
cártaí nó cheithre dhath mar ghlaotar ortha: hart,
hairt, muileata, muileataí, (nó muilead, muileada),
spéireata, spéireataí, triuf, triufanna (-sacha).
"Déan na cártaí," deirtear nó "Is leat
déanamh," i gConamara, chun an cluiche a thosnú. Is ionann
na cártaí a "dhéanamh" agus iad a chur i gcarn, iad
a shuathadh, iad a ghearradh ("baintear díobh," nó "gearr
dhíobh," deirtear), agus iad a roinnt amach. "Cé leis an
roinnt?" deirtear i gCúige Uladh, agus ranntar na
cártaí. Dáiltear amach iad sa Mhumhain.
Iompuítear an cárta ar uachtar an phaca agus tugtar an
"mámh cinn" nó "mádh cinn" ar an gcárta seo.
Is mámh (iolra = máimh nó máite) gach
cárta leis an dath sin. Drámh a thugtar ar gach
cárta eile. "Mura a leaga tú an mámh leag mada
maith drámh," abairt eile a bhíodh acu. An té go
bhuil aon an mháimh aige is féidir leis an mámh
cinn a ghlacadh chuige féin ina ghlaic ach ceann a dhíol
as. Nuair a leagan duine mámh caitheann gach éinne an "
dath a imirt," sé sin mámh as a láimh féin a
leagadh. Dá mbeadh cárta de dhath an mháimh ag
duine agus gan a imirt bheadh sé ag ceilt. Deirtear faoí
gur " lom sé an mámh." Déarfadh duine nách
raibh mámh aige nách raibh leagan an mháimh aige.
Ní raibh a dhath aige.
Sa chluiche Cúig is Fiche
(Cúig Fichead) sé an Cíoná
(Cíonán, Cíonáth, na méir) sé
sin an cúig, an mámh is láidre. Ina dhiaidh sin
tagann an Cuireata (Cuileat) agus ansin an t-Aon Hairt. Taréis an
chárta sin tagann aon an mháimh, agus ansan an rí
agus an bhanríon. Anois, bhfuil sibh réidh?
Téimís siar caoga bliain go tigh Mháirtín i
Rann na Feiriste áit a bhfuil cluiche cúigh is fiche ar
tí tosnú.
"Cé leis an roinnt?" "Le
Séimí anseo." Rann Séimí iad agus tiontaigh
muileat. "Goidé rud é, Shéimí?" "Muileat."
"Muileat an mámh, is maith an drámh an sruth (= triuf)."
D'imir Micí Óg. "Sílim go ligfidh mé sin
thart," arsa an Cearrbhach. Chuir Pádraig Airt an rí air.
"Goide a rinne tú a uascáin?" "Bhí mé
'gheall ar cur isteach chuig Séimí," ar sé. "Is
deas do chur isteach, ----- " anois tá titim láimhe aige
agus má tá aon dath ar chor ar bith aige tá an
chéad chúig leis." "Seo, a Shéimí," arsa an
Cearrbhach, " bíodh lámh do ranna ("dealer's trick")
agat." Fuair Séimí sin leis an dó muileat.
An chéad uair a rann an
Cearrbhach iad, thiontaigh sé aon. Thóg sé an
carda cinn, ghlan sé a lámh, fuair lámh a ranna le
drámh, tháinig chun cláir le cuileat, agus chuir an
cluiche as cúl doirn.
Le Barra Ó Donnabháin.
|