Daltai na Gaeilge

Cáis

Ní Féidir é a Bheith ina Ghruth agus ina Mheadhg agat.

"Feoil bhán" a ghlaoití ar an mbainne in Éirinn anallód. Ní gan fáth é. Bhraith na sean Ghaeil go mór ar tháirgí déiríochta. I bhfad roimh aimsir na bprátaí ba í an cháis príomhbhia mhuintir na hÉireann. Is soiléir an méid sin óna mhinicí is a thagraíonn siad don bhia seo san tsean litríocht. Creideann eolaithe áirithe go rabhadar ag déanamh cáise in Éirinn i bhfad sul ar leag na Ceiltigh cos ar an dtalamh bheannaithe don chéad uair. Bhíodh saghas bó in Éirinn sa ré réamhstairiúil go dtugtar Bos Longifrons uirthi. Ceaptar gur ceansaíodh an t-ainmhí seo i bhfad siar.

Níl an oiread sin eolais againn ar na bealaí ina ndéantaí an cháis ach tá go leor ainmneacha ar na saghasanna éagsúla cáise ins na scríbhinní. D'fhéadfadh cáis bheith brúite nó neamhbhrúite, aibithe nó neamhaibithe. Tugann na hainmneacha nod dúinn, uaireanta, ar an saghas cáise a bhíonn i gceist agus ina theannta sin is minic a thagraíonn na sean údair dá dtréithe. Dhealródh sé gur bhain cineálacha áirithe le ceanntair -- bhain an mulchán le Port Láirge mar shampla.

Ba cháis ana chrua an mulchán agus bhíodh gá le tua chun a scoilte. Dob as bainne tanaí a dhéantaí é. Má bhí an mulchán cuíosach crua, ba charraig ar chruas an tanach (tanag). Thugtaí grús ar an tanach freisin. Bainne bearrtha a úsáití sa chás seo. Is le giota tanaí a mharaigh Furbaire, Maedhb, de réir an scéil. Scaoil sé urchar tanaí léi as tabhaill. Deirim-se leat go mbeadh gá agat le Alka Seltzer agus ladhar den cháis seo alptha siar agat.

Is ón leamhnacht a dhéantaí millsén. Murab ionann is an tanach ba fhuirist an cháis seo a dhíleá. Is dóca nách raibh mórán meas ag ár sinsear ar bhainne úr agus leamh-nacht a thabhairt air. B'fearr leo an bláthach nó an bainne géar le n-ól. Drúchtán a thugtaí ar an meadhg a bhíodh fágtha nuair a dhéantaí millsén. Bhíodh deoch eile meidhge ann go dtugaidís treabantar uirthi. Is amhlaidh a chuiridís leamhnach ar fiucadh agus dhortaidís bláthach isteach san árthach.

Théachtadh an meascán agus d'ólaidís fuar é. Bhíodh cáis go dtugaidís maethal uirthi le fáil, cáis bhog thais mar is léir ón ainm. Tá an focal maothal againn i gCorcaigh -- gruth buí nó bainne tiubh na bó iar mbreith is brí leis. D'fhéadfadh go bhfuil baint ag an dá fhocal le chéile. Luaitear an cháis seo go minic ins na sean leabhair. Dheintí rothaí móra dí agus chroctaí óna fraitheacha í le haibiú.

Agus an táth. Is ionann an focal táth agus gliú. Cáis ghrutha bhrúite a bhí innti. Dhéantaí an gruth a théamh agus a shuathadh go dtí go ngreamódh sé ina liathróid teann amháin. Chuirtí i múnlán í ansin le cruth fé leith a chur uirthi. Ní mór dhá shaghas eile a lua sula gcríochnód. Is iad san, faiscre grutha agus cáis bhainne ghéir -- saghasanna cáiseanna botháin (cottage cheeses).

Is leor sin mar theist ar choitiantacht na cáise roimh an 17ú haois. Tháinig meath ar dhéanamh na cáise san seachtú haois déag nuair a briseadh ar na Gaeil ag Cionn tSáile. San 18ú haois ba iad na Gaill amháin a bhí ag déanamh cáise in Éirinn. Ní hé sin ach bhí ortha siúd, daoine oilte i gcúrsaí cáise, a bhreith anall chun cabhrú leo. Ní mar sin atá an scéal faoi láthair. Tá cúrsaí cáise go breá folláin arís. A bhuí sin ris na Déibh.

Le Barra Ó Donnabháin


NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar "Súil Siar".  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá "Súil Siar" le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.

 

Return to Articles.