|
Ní Féidir é
a Bheith ina Ghruth agus ina Mheadhg agat.
"Feoil bhán" a
ghlaoití ar an mbainne in Éirinn anallód.
Ní gan fáth é. Bhraith na sean Ghaeil go
mór ar tháirgí déiríochta. I bhfad
roimh aimsir na bprátaí ba í an cháis
príomhbhia mhuintir na hÉireann. Is soiléir an
méid sin óna mhinicí is a thagraíonn siad
don bhia seo san tsean litríocht. Creideann eolaithe
áirithe go rabhadar ag déanamh cáise in
Éirinn i bhfad sul ar leag na Ceiltigh cos ar an dtalamh
bheannaithe don chéad uair. Bhíodh saghas bó in
Éirinn sa ré réamhstairiúil go dtugtar Bos
Longifrons uirthi. Ceaptar gur ceansaíodh an t-ainmhí seo
i bhfad siar.
Níl an oiread sin eolais
againn ar na bealaí ina ndéantaí an cháis
ach tá go leor ainmneacha ar na saghasanna éagsúla
cáise ins na scríbhinní. D'fhéadfadh
cáis bheith brúite nó neamhbhrúite, aibithe
nó neamhaibithe. Tugann na hainmneacha nod dúinn,
uaireanta, ar an saghas cáise a bhíonn i gceist agus ina
theannta sin is minic a thagraíonn na sean údair dá
dtréithe. Dhealródh sé gur bhain cineálacha
áirithe le ceanntair -- bhain an mulchán le Port
Láirge mar shampla.
Ba cháis ana chrua an
mulchán agus bhíodh gá le tua chun a scoilte. Dob
as bainne tanaí a dhéantaí é. Má
bhí an mulchán cuíosach crua, ba charraig ar chruas
an tanach (tanag). Thugtaí grús ar an tanach freisin.
Bainne bearrtha a úsáití sa chás seo. Is le
giota tanaí a mharaigh Furbaire, Maedhb, de réir an
scéil. Scaoil sé urchar tanaí léi as
tabhaill. Deirim-se leat go mbeadh gá agat le Alka Seltzer agus
ladhar den cháis seo alptha siar agat.
Is ón leamhnacht a
dhéantaí millsén. Murab ionann is an tanach ba
fhuirist an cháis seo a dhíleá. Is dóca
nách raibh mórán meas ag ár sinsear ar
bhainne úr agus leamh-nacht a thabhairt air. B'fearr leo an
bláthach nó an bainne géar le n-ól.
Drúchtán a thugtaí ar an meadhg a bhíodh
fágtha nuair a dhéantaí millsén.
Bhíodh deoch eile meidhge ann go dtugaidís treabantar
uirthi. Is amhlaidh a chuiridís leamhnach ar fiucadh agus
dhortaidís bláthach isteach san árthach.
Théachtadh an
meascán agus d'ólaidís fuar é.
Bhíodh cáis go dtugaidís maethal uirthi le
fáil, cáis bhog thais mar is léir ón ainm.
Tá an focal maothal againn i gCorcaigh -- gruth buí
nó bainne tiubh na bó iar mbreith is brí leis.
D'fhéadfadh go bhfuil baint ag an dá fhocal le
chéile. Luaitear an cháis seo go minic ins na sean
leabhair. Dheintí rothaí móra dí agus
chroctaí óna fraitheacha í le haibiú.
Agus an táth. Is ionann
an focal táth agus gliú. Cáis ghrutha
bhrúite a bhí innti. Dhéantaí an gruth a
théamh agus a shuathadh go dtí go ngreamódh
sé ina liathróid teann amháin. Chuirtí i
múnlán í ansin le cruth fé leith a chur
uirthi. Ní mór dhá shaghas eile a lua sula
gcríochnód. Is iad san, faiscre grutha agus cáis
bhainne ghéir -- saghasanna cáiseanna botháin
(cottage cheeses).
Is leor sin mar theist ar
choitiantacht na cáise roimh an 17ú haois. Tháinig
meath ar dhéanamh na cáise san seachtú haois
déag nuair a briseadh ar na Gaeil ag Cionn tSáile. San
18ú haois ba iad na Gaill amháin a bhí ag
déanamh cáise in Éirinn. Ní hé sin
ach bhí ortha siúd, daoine oilte i gcúrsaí
cáise, a bhreith anall chun cabhrú leo. Ní mar sin
atá an scéal faoi láthair. Tá
cúrsaí cáise go breá folláin
arís. A bhuí sin ris na Déibh.
Le Barra Ó Donnabháin.
|