Cart

Recent Posts

Bhí Kilroy Anso

Dé hAoine 2ú lá Márta 1770, bhí Matthew Kilroy, saighdiúir ón 29ú Reisimint Shasanach, ag siúl an chalaid i mBoston ag lorg oibre pairtaimseartha. Fear colgach tintrí ab ea é ar cuireadh gadaíocht ina leith cúpla seachtain roimis sin…”Ag lorg oibre atán tú,” arsa siopadóir téad, darabh ainm, Samuel Gray, “tá leithreas agam le glanadh.” “Sin í an t-aon saghas oibre a oirfeadh duit-se.” Thug Kilroy sonc sa phus dó ar an bpointe. Má thug, d’ionnsaigh dream téadairí é agus, mar deirtear i gCúil Aodha, d’fhágadar an tsúil ar an malainn aige. Chuaigh sé ar ais go dtí a bhearaic agus fonn díoltais ag fiucadh ina chroí.

Dob as Baile Atha Cliath do Kilroy agus ní raibh sé chun an léasadh agus na masalaí a ligint in aisce le Gray agus a chuid cáirde. Bhí sé ar ais ar an gcaladh, roimh oíche agus dáréag saighdiúirí ina theannta. Bhí ina raic láithreachach agus b’é deire an scéil ná go raibh ar na saighdiúití cúlú. Chuadar i gcogar ceilge le chéile sa bhearaic. Chuaigh an ráfla ar fuaid na cathrach go ndúirt saighdiúir éigin ” nách ndéanfadh muintir Bhoston dearmad go deo ar oíche de luain, a bhí chucu, mar go mbeadh slua díobh sínte roimh mhaidin.

Chuir an méid sin áthas agus glionndar croí ar Sam Adams. “Breo na Réabhlóide” a thugdar ar Sam agus ní gan fáth é. B’é siúd a bhí ina thaoiseach ar Bhuachaillí na Saoirse a raibh de cuspóir aca na Sasanaigh a dhíbirt as Nua – Shasana. Cóip na sráide a thug muintir ghalanta Boston ar na Buachaillí. Thuigh Sam go mbeadh cabhair agus tacaíocht ó Gray agus a lucht leanúna. Chuir sé cogar i gcluasa na mBuachaillí. Ba chumann rúnda é agus bhíodh aigheanna fidil á gcaitheamh ag na ceannairí go minic. Bhíodh leasainmneacha aca orthu féin freisin.

“Joyce Junior” an ainm a bhí ar cheann des na ceannairí. (Joyce jr an ainm a bhí ar an bhfear a bhain an ceann de Shearlas 1.). Deir Abigail Adams go bhfaca sí Joyce,lá, ar mhuin capaill, cóta dearg agus bréagfholt bán air, cúig chéad dá cháirde timpeall air, ag tionlacan cúigear Tóraithe go himeall na catharach.

Bhí cóta dearg agus bréagfholt bán ar an bhfear a labhair leis na daoine , taobh amuigh de Faneuil Hall, tuairim is 7.30 ar an luan cinniúnach sin. Chaith sé fiche nóiméad á ngríosú agus nuair a bhí deire ráite aige bhí an slua ar dearg mire, ag lorg fola. Cérbh é an fear sin? Arbh é Joyce Junior é? Cérbh é Joyce Junior? Deir daoine gur Sam Adams féin a bhí ann. Ach is é tuairim formhór na staireolaithe, áfach, gur dhuine darabh ainm William Molyneux a spreag muintir Bhoston chun troda. Dob as Baile Atha Cliath do Molyneaux, freisin. Dochtúir ba eadh é agus tá leabhar againn uaidh “Case of Ireland”, ina bpléann sé saoirse na hÉireann.. Bhain Sam Adams an úsáid as an leabhar céadna. Agus is dealraitheach gur bhain sé úsáid as líofacht William an oíche úd mar ba sár chainteoir é. Ghluais an slua i dtreo “Murray Barracks” agus isteach sa Stair. Bhí cogadh na Saoirse chun tosnú. Ag ceann an tslua sin bhí beirt fhear, Crispus Attucks agus Pádraig Keaton, fear gorm agus Éireannach. “Beagáinín chun tosaigh, bhí an fear árd gorm seo, Crispus Attucks, agus dhá bhata ina láimh aige.” “Nuair a thángas suas leis, shín sé ceann des na bataí chugam. Ghlachas uaidh le buíochas é.”

Sin Pádraig Keaton ag tabhairt fhianaise sa chúirt níos déanaí. Shrois an slua an Teach Custaim. Bhí bothán fairtheora ós a chomhair amach agus saighdiúir darbh ainm Montgomery istigh ann. Ghlac eagla agus uamhan é nuair a chonaic sé an slua chuige agus fuadar futhu. Dhírigh sé an gunna ar Crispus Attucks, an duine ba ghoire dó, agus chrom sé ar “Cabhair, cabhair!” a ghlaoch in árd a chinn is a ghutha. “Má scaoileann tú leis, crocfar thú cinnte,” arsa Henry Knox leis. Rugadh Knox i mBéal Feriste agus bhí siopa leabhar aige i mBoston. “Séidfidh mé an intinn as,” arsa Montgomery. Ansan díreach tháinigh Captaen Preston aníos an tsráid agus seachtar “cótaí dearga” armtha fairis. Dob Ultach Preston freisin. I measc na gcótaí dearga bhí Matthew Kilroy agus ceathrar Baile Atha Cliathach eile. Shocraíodar beaignití agus sheasadar taobh le Montgomery, a bhí fós sa mbothán.

“An bhfuil sé ar intinn agat scaoileadh leis na daoine seo.” arsa Knox le Preston.? “Níl,” ar sé. Bhí cuid des na daoine ag caitheamh liathróidí sneachta leis na saighdiúirí. Thug Montgomery ina cheann teacht amach as an mbothán ag an bpointe sin agus d’ísligh sé a ghunna sa tslí amach dó. Thug Crispus sonc dó agus chaill sé a ghreim ar an ngunna. Rug an fear gorm greim barróige air agus chuir sé ar fhleasc a dhroma ar an dtalamh é. “Tairigí airm,” arsa Preston. Tháinig ciúnas ar an slua. “Scaoiligí” arsa guth ó dhuine éigin des na saighdiúirí. Níl fhios againn go dtí an lá atá inniu ann, cé dúirt “Scaoiligí”. Niorbh é Preston a labhair de réir na bhfinnéithe. Is air a bhí cuid mhór den slua ag faire, ag an am. Ceapann go leor staireolaithe gurbh é Kilroy a labhair . Chonnaic Kilroy Samuel Gray sa tslua agus chuir sé urchar ina cheann. D’admhuigh sé an méid sin sa chúirt. Scaoil Montgomery le Crispus Attucks agus mharbh sé é. Maraíodh triúr ar an dtoirt agus fuair beirt bás dá gcneácha. Ortha siúd bhí Padraig Carr a goineadh sa bholg agus a fuair bás naoi lá ina dhiaidh sin.

B’é Pádraig Carr a shábháil na saighdiúirí ón gcroich mar thug sé fianaise nách rabhadar ach á gcosaint féin, nuair a scaoileadar leis an slua. Chreid sé go raibh an slua ag bagairt ar na saighdiúirí. Níor thóg sé orthu, é féin a lamhach, agus mhaith sé dhóibh é. Bhí 96 finné eile agus a mhalairt de scéal ar fad aca. Thugadar an leabhar nách raibh éinne ag bagairt ar na cótaí dearga agus go raibh an slua go ciuin dea-bhéasach i rith an ama. Chreid an coiste Carr agus fuarthas na saighdiúirí neamhchiontach i n-dúnmharú. Fuarthas Montgomery agus Kilroy ciontach i ndúnorgain (manslaughter). Cuireadh comhartha M ar a n-órdóga le hiarann dearg. Thug na himeachtaí seo tuille lóin chogaidh do Sam Adams. Bhí na mairtírigh aige anois. Ní bhíonn réabhlóid gan mhairtírigh. Bhí an lasóg sa bharrach faoi dheire. Agus b’é Kilroy a las.

Is maith is eol dom go bhfuil daoine ag léamh an ailt seo, a bhfuil eolas doimhin aca ar stair Mheiriceá agus ar na hÉireannaigh a lonnaigh sa tír seo. Ní staireólaí mé ach tá suim mhór agam sa stair. Spreag daoine mar Ken Nilsen, John Ridge, Willie Mahon agus Des Johnson mé, dul i mbun staidéir. B’ fhéidir go spreagfadh na píosaí beaga seo cúpla duine eile. Tá mianach óir amuigh ansin.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.