|
Ní raibh i mBreandán Ó Beacháin (Brendan Beahan)
ach buachaill sé bliana deag d'aois nuair a chéad cuireadh i
bpriosún é, i Learphoill Shasana. Fuarathas mianach
pléascáin ina sheilbh i dteach lóistín in Everton.
Tugadh YPs (Young Prisoners) ortha agus bhíodh sciathán
fé leith aca ag an am.
Breis is deich mbliana feichead
ó shoin, scríobh
Breandán alt ag cur síos ar eachtra a bhain dó nuair a
bhí sé istig agus táim-se anois chun cnámha an
scéil sin a thabhairt dhaoibh. Na focail atá idir
lúibíní is le Breandán iad.
"Tráthnóna amháin
bhí mé fhéin
agus YP eile darbh ainm Reggie Meyers ag ní an urláir i "C
wing," agus muid sásta go leor leis an gcion oibre bhí á
dhéanamh againn. Mar bhí rial an tost daingean i
bPríosún Learphoill. Dá bhfaighfí ag caint
thú, fiú amháin ag cogarnaíl, gheobhfá
trí lá in Uimhir a hAon ar uisce agus arán, go
siúráilte."
"Bhíomar ag obair le huisce
fuar, agus ar lámha dubh-ghorm
leis an fhuacht, ach bhíomar comh sásta is dá
mbeimís cois teine, mar bhíomar in ann cainnt a dhéanamh
gan éinne ag cur isteach orainn. Bhíomar ag cogarnaíl is
ag gáire mar is dual do dhaoine óga, go dtí gur chualamar
coiscéim taobh thiar dinn."
"Bhuel, a bhuachaillí,
adúirt an guth seo.
D'fhéachamar suas, agus níorbh duine des' na "screws" bhí
ann cor ar bith, ach sean-fhear cneasta a bhí ag caitheamh
éadaigh dhubha agus a raibh gáire beag lách ar a aghaidh
aige. "Evening sir," adeir Reggie leis. "Evening boys" adeir an sean-fhear.
"Ní dúirt mise tada mar
ba shean eolas dom an t-am sin, i
dtaobh oifigigh príosúin agus príosúnaigh
fhéin nárbh áil leo an blas Éireannach." Do
chuir an sean-fhear cuile shórt ceiste ar Reggie agus mhol sé
dhó litir a scríobh abhaile gach seachtain. Ansan thosnuigh
sé ar Bhreandán a cheistú.
"Anois cad as duit fhéin a
bhuachaill?" As Éirinn mé
a dhuine uasail" agus mé an-amhrasach faoin fhaid a leanfadh ár
gcaradas nuair a chloisfeadh sé sin. Ach níorbh amhlaidh
dó. "An eadh" adeir sé go sásta, "Bhfuil fhios agat
Baile Atha Cliath?" "Is Bleá Cliathach mé, a dhuine uasail."
"Bhuel, bhuel, an bhfuil fhios agat Neary's i Chatham Streed?" "Tá "
arsa mise. "Is maith liomsa Baile Atha Cliath agus is minic a bhíos
thall ansan ar ghnó."
Lean an duine uasal á
gceistiú ar fead tamaill agus ansan
thóg sé mála milseán amach as a phóca agus
thairg sé dóibh iad. "Thógamar cúpla ceann agus
ghabhamar buíochas leis." "Slán leat " arsa mise díreach
ins na focail sin, mar cheap mé nár mhiste leis beannacht
Gaeilge nuair bhí sé chomh ceanúil sin ar Éirinn
agus a muintir.
"Bhuel, cén sort cruinniú
máthar atá ar
siúl anseo?" arsa an screw go fíochmhar. "Is cén
sórt bídh atá á chogaint agaibh?" "Cá
bhfuair sibh é? " Níl ann ach cúpla "acid drops" a thug
sean-fhear deas dúinn," arsa Reggie. Ghlaoidh sé ar "screw"
eile agus dúirt. "Fuaireadar milseáin ó shean-fhear
deas, "acid drops a fuair siad uaidh".
"M'anam " arsa an duine eile, "go
bhfaighidh siad "drop" eile uaidh, muna
n-athraíonn siad a gcuid béasa."
Is é bhí ann
dáiríre ná Uilliam
Pierropoint an crochadóir.
Le Barra Ó Donnabháin.
|