Cart

Recent Posts

Ar Strae

Suíomh (Lánúin – Nóra agus Liam -ina gcarr ag tiomáint siar. Lá ceoch, báistiúil, stamhlaí atá ann. Tá sé ag éirí dorcha. Tá an fear ag tiomáint, agus tá an bhean ina codladh.)

Nóra: (Ag dúiseacht agus ag sineadh,) Nnnnhhh ! Aaahhh ! Ó. (.Ag breathnú uaithi.) Cá bhfuilimid? Ní mór dúinn a bheith ag tiomáint le trí nó ceithre huaire anois. Bheimis ann cheana féin. (Ag féachaint ar an mapa). Ná bí ag insint dom go bhfuilimid ar strae arís.

Liam: (Ag claonféachaint agus ag tiomáint go mall anois.) Ó nílimid. Bhuel, níl fhios agam. Thóg mé aicearra, agus is deacair rud ar bith a fheiceáil anois leis an gceo seo damanta. Ach ceapaim go cuimhin liom an charraig sin.

Nóra: (Ag éirí crosta) Níl fhios agat ! Thóg tú aicearra ! Ceapann tú go cuimhin leat an charraig sin ! Cén chaoi ?! Táimid i lár an phortaigh ! Tá cuma céanna ar ‘chuile carraig !

Liam: Bhuel, tá mé cinnte faoin céann sin, insím duit ! Tá an portach anseo, na sléibhte ansin agus an sruthán taobh thiar den charraig.

Nóra: Ó, féach ! Céard a dheir an fógraí sin? Téigh níos moille. (Ag léamh) Gaoth Sáile – ocht gciliméadar.

Liam: (Ag féachaint ar an mapa anois) OK, Gaoth Sáile ocht gciliméadar, Gaoth Sáile ! Gaoth Sáile ! Ní féidir leis sin a bheith ceart. Agus cé acu ?! Tá Gaoth Sáile anseo agus ceann eile ansin. Agus níl ceachtar díobh i gcóngarach do Chathair na Mart.

Nóra: Cathair na Mart ?! Cén fáth go bhfuilimid ag dul go Chathair na Mart ?

Liam: (Ag éirí oibrithe é féin.) Cathair na Mart ? Halóóó ! Gabh mo leithscéal ! Creidim go bhfuilimid ag dul cuairt a thabhairt ar do dheirfiúr. Agus ceartaigh mé muna bhfuil an ceart agamsa, ach an t-am deireanach gur thugas faoi deara, bhí do dheiirfiúr ina cónai i gcathair na Mart.

Nóra: Ó, in ainm Dé, a Liam ! Nach n-éistíonn tú liomsa riamh ?! Nílimid ag dul go teach Eibhlín, ach go teach Aisling.

Liam: Aisling ! Nach ndúirt tú liomsa inné go raibh tú ag súil Eibhlín agus Máirtín a fheiceáil, agus nach raibh siad feicthe agat ó tháinig siad ar ais ó Bhostún?

Nóra: Sea ! Dúirt ! Agus dúirt mé leat chomh maith go mbeidh Elbhlín agus Máirtín ag dul go teach Aisling agus Mhíchíl fresin. Óóóó ! Go sabhála Dia mé !

Liam: Bhuel, céard is maith leat a dhéanamh anois? Is bealach fada é ó Chathair na Mart go Béal an Átha, agus deabhal fhios ag éinne cén taobh a bhfuilimid.

Nóra: Ó,féach, tá fear ag siúil chun tosaigh orainn. Fiafraigh den áit seo a bhfuilimid.

Liam: Gabh mo leithscéal, Uh, gabh mo leithsséal, a dhuine uasail. Táimid beagán – er, uh – caillte. An féidir leat a hinsint dúinn an bhfuilimid aon áit i ngar do Chathair na Mart nó Béal an Átha?…

Nóra: (Ag cogarnach) Ní féidir liom cloisint é. Cén fáth go bhfuil sé ag gáire mar sin? Céard a dúirt sé?

Liam: Hah ! Bhí fhios agam air i rith an ama. Tá eolas agam ar an áit seo anois. Dúirt sé go bhfuilimid i gCondae Mhaigh Eo ar aon chaoi, agus b’é an rud ab fhearr cas timpeall agus dul go Bun na hAbhna, Is féidir linn T58 a fháil ansin go díreach go Béal an Átha.

Nóra: Bhuel, mar sin, cén fáth nach bhfuil tú ag casadh timpeall ?

Liam: Bhuel, má chasaimid ar chlé giota beag díreach romhainn, tá mé cinnte go bhfuil aicearra go Bangor ann. Is féidir linn leathuair a shábháil.

Nóra: Ó, In ainm Dé, a Liam ! Nach bhfoghlaimeoidh tú go brách ? Óó ! Tá mo thinneas cinn ag teacht ar ais orm. (Ag cur fúithi ina suíochán agus ag dúnadh a súile.) Bhuel, ansin, a Fhionn Mac Cúmhaill, dúisigh nuair atáimid ann mé.

 

Le Tomás hÉadromáin