Daltai na Gaeilge

An Séimhiú

Bhí múinteoir Gaeilge agam ar an meán scoil darbh ainm Toby Ó Caomhánaigh. Fear mór grinn ab ea é agus bhíodh ana spórt againn leis. Is cuimhin liom lá, nuair a bhí aiste le scríobh againn agus nách bhfuair sé ach ceithre cinn ón rang ---rang a raibh aon duine dhéag ann. Chomhair sé na haistí go cúrmach faoi dhó agus dúirt "Ar thug duine agaibh dhá cheann dom?" Uair eile bhíomar ag gabháil tríd na ceisteanna a tugadh san Ard Teist an bhliain roimis sin. Nuair a thángamar fhaid leis an gceist airithe seo, fuair Toby píosa cailce agus chuir sé an focal "bheirim" ar an gclár dubh. Ponc a bhí ar an "b" aige, in ionad "h" na haimsire seo, tás' agat, mar ní raibh an cló rómánach riachtanach fós.

"An bhliain seo caite," ar sé, "chuireas an focal sin ar an gclár dubh, ar a laghad, uair sa tseachtain, agus chuireas an focal 'tugaim' taobh leis." "Ansan chuireas an comhartha ionannais eathru mar seo ­ 'bheirim = tugaim'." "I ndiaidh sin is uile níor aithin ach duine amháin as an rang an focal sa scrudú, agus cheap seisean gur bhotún a bhí ann." Is iomaí scolaire roimis agus ina dhiaidh a raibh an smaoineamh céadna aige. Ag seo síos, cur síos gairid ar stair an tséimhithe.

Sé atá i gceist le seimhiú ná lagú nó séimhiú a chuaidh ar chonsain aonair nuair a thárla idir gutaí iad. Faoi láthair, cuirtear an séimhiú in iúl tré h a scríobh i ndiaidh an chonsain agus fuaimítear an consan agus an h le chéile mar aon chonsan amháin agus é análaithe. Cé go dtárlaíonn an saghas seo claochluithe, i lár focal, i ngach teanga nách mór, is sna teangacha ceilteacha amháin a thárlaíonn sé i dtosach focal. Dála an scéil tá seimhiú ar "bheirim" mar is é do-bheirim a bhíodh ann tráth.

"Is í aibitír an oghaim an chéad ghléas (dá bhfuil ar eolas againn) a bhí ag na Sean-Ghaeil lena dteanga a bhreacadh síos i bhfoirm scríofa," deir Anders Ahlqvist, Litriú na Gaeilge, (Caibidil 1, Stair na Gaeilge). Baineann na clocha oghaim leis an dtréimse 400-700 AD. (Scríobhfad píosa orthu amach anseo mar is simiúil an scéal é agus níl na scoláirí ar aon intinn ina dtaobh.) Ní raibh aon chomhartha acu chun seimhiú a chur in iúl ach tógaimís sampla amháin den Oghamchraobh mar léiriú ar ársaíocht na teangan. DALAGNI MAQI DALI. Dá mbeadh an t-ainm sin ar uaigh inniu is mar seo a scriobhfaí é ---- Dalláin Mheic Dhaill. Féach, tá seimhiú ar an m agus an d toisc go mbídís idir gutaí sa chian aimsir.

Tógaimís cúpla sampla eile. Tabhair faoi ndeara sa Nua-Ghaeilge nách bhfuil aon séimhiú ar ainm ná aidiacht i gcás "an fear buí" agus tá séimhiú ar an dá "b" i gcás "an bhean bhuí". De réir na saineolaithe is ó sindas wiros bodios a eascraíonn an chéad shampla agus ó sinda bena bodia an tarna ceann. Forainm taispeántach a bhíodh san alt ar dtús, ar nós ille, illa, illud na Laidine óna dtagann na hailt, le agus la, na dteangan rómánsacha.

"Forbairt mhór eile (teacht na críostaíochta an chéad cheann) ba ea é gur tosaíodh ar an nGaeilge a scríobh. Ní fios cad a thug an spreagadh dár gcéadscríbhneoirí mar ní raibh an teanga á scríobh ag aon chine eile in iarthar na hEorpa ag an am" ---- Pádraig Ó Fiannachta, Milis an Teanga. Bhaineadar úsáid as aibítir na Laidine ach bhí faidhbeanna acu ­ conus na claochluithe tosaigh a chur in iúl.

Bhí h i ndiaidh c, p, agus t nádurtha sa Laidin agus baineadh úsáid as chun c, p, agus t seimhithe a chur in iúl. Bhí ponc an scriosta nó an punctum delens acu sa Laidin chun litir a chur ar ceal. D'fhéadfadh Rómánach botún a dhéanamh chomh maith le cách agus ó bhí páipéar gann bhíodh sé de nós acu ponc a chur ós cionn na litreach lena cur ar ceal. Bhain na Sean-Ghaeil úsáid as an gcóras seo chun s agus f séimhithe a léiriú.

I ré na Meán Ghaeilge tosaíodh ar fheidhm a bhaint as an bponc ós cionn na gconsan inshéimhithe eile. Faoin am sin bhí an h a ghabh le c, p, agus t á scríobh ós cionn na litreacha sin agus ba ghearr gur cuireadh ponc in ionad an h, de ghrá na símplíochta is dóca. Mhair an córas sin, an cló Gaelach, go dtí caogaidí na haoise seo. Tá an cló rómhánach againn ó shoin i leith ---- h in ionad an tséimhithe. Ach mar deir Ó Fiannachta, "Is léir go bhfuil an cló Gaelach agus an cló rómhánach ar aon dúchasach againn ar shlite difriúla." É mo scéal.

Anois, má chastar séimhiú ort ar an tsráid, bain díot do chaipín agus beannaigh dó, mar is iarsmaí ársa é.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar "Súil Siar".  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá "Súil Siar" le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.

Return to Articles.