Cart

Recent Posts

An Rud Is Annamh

Más fíor don sean fhocal chonaiceas rud iontach i nIarthar Chorcaí an bhliain seo caite. Chonaiceas asal. Go dtí sin cheapas go raibh na hasail i gcomhluadar na n-dódónna áit éigin ins na fláithis. (An ceathairchosach atá i gceist agam anso, an dtuigeann tú. Tá an cineál eile an choitianta fós, chuile áit.) Is amhlaidh a cheannaigh mo dhearthair an t-ainmhí seo dá iníon mar pheata. Anois, creid uaim é nó ná creid, díreach agus mé ag fágaint slán ag mo mháthair, labhair an t-asal liom. Deirim-se leat gur baineadh geit asam.

“Bíonn tusa ag scríobh thall,” ar sé go séimh. “Déan rud orm agus scríobh píosa faoi an líon ísliú (downsizing) a mhil mo thréibh-se i rith na haoise seo.” “Saint a bhí taobh thiar de ó thosach, saint a mhic ó agus ná bac leis na boic mhóra agus a gcuid ramhaillí, — dul chun cinn mo thóin!” “An cleas céadna atá á imirt ag na comhlachtaí móra ar na hoibrithe faoi láthair.” “In ainm Dé scríobh píosa fúinn sul a mbíonn sé ro dhéanach.” Dúras go scríobhfainn. “Ah,” arsa mo mháthair, “is minic cheana a ghlacís comhairle asail.” Bíonn máithreacha mar sin.

I dtosach na haoise seo ba dheachair feirm a shamhlú gan asal. Bhíodar saor agus raghaidís in áiteanna nách raghadh capaill. Ní raibh na boithre go maith agus ní raibh an oiread céadna deabhaid ar dhaoine is atá ó shoin. D’oir obair áirithe dóibh. D’úsáití na hasail i mbaint na feamaine agus i sábhailt na móna. Ar ndóigh lean an nós seo go dtí le déanaí in áiteanna.

Sa tréimse idir an dá chogadh chuir an capall an t-asal as seilbh. Bhí sé ro mhall, bhí na bóithre ag dul i bhfeabhas agus bhí cúpla pingin sa bhreis ag na feirmeoirí de bharr an chogaidh. Cheannaíodar capaill. Fiche éigin bliain ina dhiaidh sin bhí na capaill díbeartha ag na tarracóirí.

Chonaiceas féin an t-asal go minic ar an mbóthar chun na huachtarlainne. Ní gá a rá nách ag na feirmeoirí móra a bhíodh na hasail. Ní fheachas riamh iad i mbun feamaine ná móna. I mo thaobh-se tíre úsáití gainimh in ionad feamaine mar leasú talún. Ach, ag trácht ar mhóin, de réir Sheáin Uí Ao, bhíodh painéirí acu ar na hasail sa tsean aimsir “chun móna a tharrac agus bheiridís iasc agus alán neithe leo.”

“Is ar asal a bhraith ár saol ar fad nách mór” arsa Donnchadh Drisceoill (Aistí ó Chléire). Is é a thugadh an plúr abhaile agus an chruithneacht chun an chuain le cur sa mhuileann. Is iad a tharraingíodh clocha chun tí agus grean chun plástrála. Chuirtí súgáin tuí thart faoi mhuinéal na n-asal ag treabhadh nó ag tarrac draig aitinn ón gcnoc.”

Bhí pearsantacht fé leith ag gach asal. Seo Donncha ag cur síos orthu. “Bhíodh tuilleadh fós díobh a cheannaítí ó thincéiribh agus ní bheadh moill ar bith orthu luí síos faoin ualach agus dá ngeofaí le súistí orthu ná éireoidís. Ní raibh ach aon leigheas amháin dóibh san, suí síos taobh leo agus iad d’fhágaint faoin ualach fada a ndóthain. Nuair a thuigidís ná raibh aon deithneas ort féin d’éiridís agus ní luídís arís faoin ualach san.”

Ba chuid dár saol iad agus braithim-se uaim an dá shúil mhóra dhubha ag breathnú tríom. D’fhéadfaidís a bheith stuachach ar uairibh ach mar deir Donncha Shéamais ” má bhíodh cuid acu míolach féin, bhí uaisleacht agus ceansacht ina n-iompar saolta.” É mo scél. Tá mo gheasa díom.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.