Daltai na Gaeilge

An Limerick sa Ghaeilge

Timpeall na bliana 1750, bhíodh tigh tabhairne ag Seán Ó Tuama an ghrinn agus is ann a bhailíodh filí Cois Máighe go minic. Is i gCroma, Co. Luimnigh a bhí an áit seo. I measc na bhfilí a gnáthaíodh tigh Sheáin bhí an Mangaire Súgach féin -- Aindrias Mac Craith. Fear fial flaithiúil ab eadh Seán Ó Tuama agus ba ghearr an mhoill ar Aindrias agus a leithéid " é a ól as tigh agus baile." Scríobh Seán an bhéarsa seo ag cur síos ar an aimsir sin. Féach gur meadaracht an luimnigh atá ann.

Is duine mé dhíolas leann lá Is do chuireas mo bhuíon chun ranncáis, Mura mbeadh duine im chuideachta dhíolfas, Mise bheas thíos leis in antráth.

Níor thaithn an píosa seo leis an Mangaire mar cheap sé gur chuige féin a bhí Seán san aor. Seo é an freagra a thug sé ar Sheán bocht.

Níl binneas it laoi ná it sheandán Is ní milis dar linn do streanncán, Bíonn iomad de thoise do ghloine gan líonadh, Is d'uisce na díge it bhranndán.

Chuir an Mongánach Béarla ar an véarsa seo:

Both your poems and pints by favour, Are alike wholly wanting in flavour; Because its your pleasure You give us short measure, And your ale has a ditch water flavour.

Agus ag trácht ar uisce na díge. "Raifterí a bhí a gabháil thar Dhroichead Chluan' Aoidh aduaidh agus bhuail tart ar an mbealach é. Isteach leis ag teach atá le hais an droichid, súil is go bhfaghfadh sé deoch. Bean a tí bhí sí fallsa leisgiúil agus ó tharla gan fíor-uisce istigh aici, níor 'úirt sí tada ach pigín (buicéad) a thumadh i lochán na sráide. Ní ghabhfadh sí fad an tsrutháin féin. A luaithe is a chuir seisean faoi n-a shróin é ba léir dó an masla. Chaith sé uaidh an muga agus d'aithris sé an cheathrú:" (Séamus Muilleóir 1912)

A dhroichid Chluan' Aoidh 's an teach atá faoi, Nár fheice Dia choíche an séan air, A d'eitigh dall caoch faoi fhliuchadh a chroí 'S a thug dhó as linn na ngéabhaí

Agus seo ceann ó Amhlaoibh Ó Loingsigh. Gheall greasaí péire brea bróga do fhile ach dán a chumadh á mholadh. Dála an tsean-fhile a fuair bó in ionad eich ar dhán dá chuid, ba bheag leis an bhfile seo na bróga agus dúirt:

Tá faraire manntach gan féasóg, Fear meanaithí reamhra agus bréan-bhróg, Is fada ta breall air i bhfollas don cheanntar, Idir Dhroichead na Banndan is Liathróid.

An bhfuil aon bhaint ag na píosaí seo le " limerick " an Bhéalra? Bheul!

Is fada mé ag cuardach go groí An luimnigh is a fhoinsí Tá teipthe orm fós réiteacht an nóis Ach leanfad á lorg gan sgíth.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar "Súil Siar".  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá "Súil Siar" le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.

Return to Articles.