Cart

Recent Posts

An gCreideann tú i dTaibhsí ?

Is Iomaí Lá ag an Uaigh orainn!

Timpeall a seacht a chlog thosnuigh an bháisteach. “Níl splanc ag an bhfear sin,” arsa mo mháthair, “é féin agus a chuid tobac.” “Cheapfá go bhféadfadh sé marachtain go maidin dá uireasa.” “A chónach sin air anois.” Bhí dúil ag mo athair sa tobac agus tamall roimis sin thug sé an botharín siar go Drom Dá Liagh air féin cé go raibh deallramh na baistí ar an oíche. Ar ndóigh ba chuma leis fliuch tirim é, dá mbeadh toitín aige.

Stad an bháisteach chomh hobann is a thosnuigh sí. Is ansin a chualamar duine éigin ag greadadh ar an ndoras. D’osgail mo mháthair é agus isteach le Seán Ó Briain. Is ar éigin a shrois sé an chathaoir. Bhí scárd ina shúile agus ba léar go raibh sceon uafásach éigin sa bhfear bocht. “In ainm Dé cad tá ort a Sheáin,” arsa mo mháthair, “nó cad a bhain duit.” ” Cheapfadh duine go bhfacaís sprid.” ” Go deimhin díreach, Nelly, choineacas, go bhfóire Dia orm.” Bhí an sceon ag dul ionam féin fán am seo nuair a thuigeas nach raibh braon ólta aige.

“Bhíos ag teacht aníos ón mbaile beag nuair a chrom sé ar baisteach.” “Díreach agus mé ag dul thart le falla na sean reilige tháinigh an rud seo amach as an bhfalla.” “Dobair dom titim ar an dtalamh marbh.” “Rud i bhfuirm duine a bhí ann ach gan aon cheann air.” “Ní raibh sé lán dorca fós agus bhíos i ndán na lámha agus na spága móra a fheiscint.” “Ach an rud is uafasaí ar fad, Nelly, rinne sé iarracht breith orm. Bhí Dia buíoch díom nár rug.” Thug mo mháthair cúpla braon eile dó.

“Bhíos ag smaoineamh ar mo mháthair bhocht, atá ar neamh le fada agus b’fhéidir gurbh ise a thug an neart dom mo chosa a bhreith liom ón uathbhás sin.” Bhí Seán ag teacht chuige féin i ndiaidh a chéile de réir mar a bhí an deoch ag dul i bhfeidm air. Baineadh an gheit asainn nuair a d’oscail m’athair an cúl doras. “In ainm Dé Jer, a’ bhfacaís aon rud agus tú ag dul thart leis an reilig.” ” Tada,” ar sé. “Chonaic Seán rud éigin neamhshaolta ann, Dia idir sinn agus an t-olc.”

Stad sí den chainnt taréis tamaillín agus d’fhéach sí go géar ar m’athair — chuir an neamhshuim a bhí aige á dhéanamh den scéal isteach uirthi. “A’ rabhais ag ól ar sí.” “Ní rabhas ach d’oirfeadh braon dom anois taréis na hoíche.” Líon sé gloinne agus chuir siar é. D’fhéach sé ar Sheán agus dúirt ” anois a Sheáin, níl fhios agam cad a chonaic tú ag an reilig ach tóg uaim-se é nár bhain sé leis an saol eile.” “Téanam ort abhaile, beidh do bhean chéile ag feitheamh leat.”

Nuair a tháinig sé abhaile taréis Seán a thionlacan soir go dtí a thig féin, thosnuigh m’athair ag gáirí. D’innis sé an scéal dúinn. Dob amhlaidh a bhí sé ar a shlí abhaile nuair a thosnaigh an cioth. Bhí sé taobh le falla na reilige agus bhí eidheann ag gobadh amach ó bharr an fhalla — díon deas. Tharraing sé a chóta fearraine aníos agus chuir timpeall a chinn é. Sheas sé isteach fé an eidheann i gcoinne an fhalla.

Nuair a bhí Seán ag dul thar bráid bheannaigh m’athair dó agus d’éirigh Seán trí troighte ón dtalamh agus bhuail sé talamh arís ag rith. Thug sé an claí de agus d’imigh fé luas lasrach trasna na páirce. Ba dhóbar dom athair a bhúndún a chur amacht le racht suilt agus é ag innsint an scéil. Níor innis sé an fhírinne riamh do Sheán bocht.

“An gcreideann tú i dtaibhsí?” arsan sagart leis an mbean fadó. Ní chreidim a athair,” ar sí, ” ach tá siad ann.” Go lá a bháis chreid Seán Ó Briain ionta — chonnaic sé ceann díobha ag falla na sean reilige oíche cheathach in 1952.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.