Daltai na Gaeilge

An Fáinne, Cuimhní Cinn

Cúpla lá ó shoin agus mé ag síománaíocht thart ar an chathair bhuail mé le sean-chomrádaí nách bhfaca mé leis na blianta. Bhí mo sháith iontais orm a fheiceáil ina sheasamh romham i lár na sráide, mar dúradh liom go raibh sé thar sáile le tamall fada. Cibé ar bith le scéal fada a dhéanamh gairid ní rabhamar ró-fhada ag caint le chéile go dtug mé fé ndeara an fáinne óir --- fáinne den sean-chineál a bhí sé ag caitheamh ar bhrollach a chóta.

Dar liom féin bulaí fir thú. Nách tú an fear is fearr!! Ní ró-mhinic na laethanta seo a tchítear an fáinne á chaitheamh. I ndiaidh sin agus mé ar mo bhealach abhaile, thoisigh mé ag smaoineamh ar mo shean-chara agus ar an fháinne. Thug sé chun mo chuimhne an lá a chuaigh mé fhéin faoi scrudú, an feitheamh fada taobh amuigh den fheithealann, ag fanacht lenar seal, ansin an bród a tháinig orainn nuair a foilsíodh na torthaí. Ar an droch-uair bhí taobh eile den scéal, an brón agus an díomá a bhí ar aghaidh na ndaoine nár éirigh leo sa scrudú.

Agus na scrúdaitheoirí féin, ar dheis Dé go raibh siad --- mar Sheán Óg Ó Tuama a bhí ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ina lá agus Máirtín Ó Cadhain a bhí ina ard-rúnaí ar feadh tamaill fhada ar Ghasra An Fháinne agus daoine eile a d'oibrigh go dian ar son na Gaeilge. Is maith is cuimhin liom go fóill iad ag bronnadh an Fháinne orainn. Tugadh le fios dúinn go raibh sé éigeantach labhairt i gcónaí as Gaeilge le fáinneoirí eile. Go bhfios dom tá an riail san i bhfeidhm go fóill. Níl mé cinnte caidé mar a chuirtear na mic léinn faoi scrúdú ar na saolta seo, nó an mbíonn a leithéid ann anois.

I mo am-sa bhíodh ort bheith in inmhe comhrá a choinneáil ar feadh leath-uaire ar a laghad le crothú don choiste go raibh an fáinne tuillte agat. Má d'éirigh leat bí cinnte gur ghnóthaigh tú é. Dala an scéil thárla na himeachtaí seo i gCampa an Gheibhinn, sa Churrach, i rith na ndaichidí. Cuirfidh mé deireadh leis an tuairisc bheag seo. Idir an dá linn, deirim le Fáinneoirí óga agus aosta an Fáinne a chaitheamh gach uair is féidir. Bígí bródúil as mar is rud an-stairiúil é agus fríd na blianta nuair nách raibh mórán lenár spreagadh, bhí sé mar cúl taca againn agus ag Conradh na Gaeilge.

Le Seán Ó Siadhail

Return to Articles.