Cart

Recent Posts

An Bhfuil Scéal Grinn Agat?

#2 / #3 / #4 / #5 / #6 / #7 / #8 / #9 / #10 / #11

Iníon Mhac an Bhaird (# 1)

Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Bhí iníon Mhac an Bhaird ina mhúinteoir ins an Scoil Náisiúnta (an bun-scoile) ag múineadh na Gaeilge leis na blianta. Bhí na buachaillí agus na gearrcailí leis na deargleicneacha sáite ins an teanga.

Caith siad cúpla lá ag foghlaim na bhfocail, ‘go hálainn,’ ‘go hiontach,’ ‘go hana-mhaith,’ agus araile. Ansin mhúin an múinteoir an aimsir láitreach den bhriathar, ‘Táim,’ mar shampla, “Tá na paistí go hana-mhaith.” “Tá an scéal go hiontach.” Bhí siad go léir réidh ansin an bhriathar chéanna ins an aimsir caite a thuiscint ag baint úsáid as samplaí simplí mar: “Bhí an aimsir go hálainn,” “Bhí an Samhradh go hiontach deas.”

Ina ndiaidh sin, d’iarr an mhúinteoir ar na paistí aon abairt amháin a thabhairt di ag baint úsáid as an aimsir láitreach, an aimsir chaite agus ceann amháin dena aideachtaí.

Seas cailín suas leis an abairt as guth ard, “Tá mé go hálainn anois agus fadó, fadó, bhí tú go hálainn.”

 

 


An Meiriceánach (# 2)

Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Bhí Meiriceánach ar Aer Lingus ar an mbealach go Aerport na Sionnaine le haghaidh a leathantha saoire. Bhí an t-eitleán beagnach réidh le tuirlingt chun talún.

Bhí an chuid is mó dena paisnéirí ag féachaint amach as na fuinneoga ag breathnú le haoibhneas ar na radharcha – daichead scátha uaine idir na bóithríní leis na cora agus na castaí. (Le moch na maidine seo, ar aon nós, ní raibh sé ag cur fearthainne!) Ar feadh tamaill, thug an Meiriceánach na spotaí beaga ar na mbóthair faoi deara – b’fhéidir gurab iad na gluaisteáin, ach ní raibh siad go léir ag dul ar aghaidh. Bhí cuid acu ina seasamh. Cuir sé ceist ar an t-Éireannach a bhí ina shuí in aice dó faoi na spotaí.

“Na spotaí sin, a dhuine uasal, má tá siad ag gluaiseacht, sin iad na préacháin, muna bhfuil said ag gluaiseacht, sin iad an lucht oibrí as an gCómhairle Contae.

 

 


Timpiste Úafásach (# 3)

Le Mícheál Ó Máille & Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Tharla timpiste úafásach do Phaidí nuair a bhí sé ag obair ins an saotharlann. Bhí sé ró-ghar don inneall nuair a chaill sé ceann amháin den a chluasa. Scread sé os ard le pian, “Mo chluas, mo chluas.”

Lena linn sin, bhí na hoibrí go léir ag lorg faoi deifir le haghaidh na cluaise a bhí caillte. Bhí Paidí ag scréachach fós nuair a fuair duine amháin dena saothraí an chluas ins an gcarn mór saibh faoin sámh innill. Thaispeán an fear an cluas do Phaidí, “An í seo do chluas?”

Arsa Paidí, “Ní hí sin mo cluas, bhí peannluaidhe ar a cúl!”

 

 


Naomh Peadar (# 4)

Le Mícheál Ó Máille & Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Lá amháin, bhí an oiread sin daoine taobh amuigh de Gheataí na bhFlaithis gur bhain sé geit as Naomh Peadar nuair a feictear gur fir iad go léir. Bhí an Naomh ag smaoineamh ar feadh cúpla nóiméad nuair a ghlaoch sé os ard leis an dream go léir. “Aon duine a bhí faoi shlat ag a bhean i rith a shaol, caithear seasamh ar thaobh na láimhe deise agus muna bhfuil, gabh ar thaobh mo láimhe chlé.”

D’imigh an slua go léir, bonn ar aon go dtí an taobh deis. Ach fear amháin, marla do dhuine, shúil sé go mall agus go scanrúil go dtí an taobh chlé.

“Nach ort a bhí an t-ádh, nach raibh tú faoi shlat do bhean freisin i rith do shaol go léir. Abair liom, cén fáth nach bhfuil tú ar thaobh mo láimhe deise!”

Dúirt mo bhean chéile liom gur b’éigin dom a bhí i mo sheasamh ar an taobh clé i gcónaí.”

 

 


Sochraid (# 5)

Le Mícheál Ó Máille & Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Bhí fear ag taisteal amuigh faoin tuath i ngluaisteán nuair a chonaic sé sochraid ana-fhada – timpeall trí mhíle fear ar fad. Bhí líne an-fhada ann, duine ar chúl duine. An fear a bhí ins an ghluaisteán, bhí sé ar bís le teann fiosrachta san chás seo. Rinne sé a bhealach go dtí tosaigh na sochraide chun ceist a chur ar an fear ar aghaidh an dream mór go léir. B’éigin dó a fháil amach cad a bhí ar súil?

An fear a bhí os comhair an dream go léir, bhí madra mór ar iall ghearr aige ag tafann an t-am ar fad.

“Fuair mo mháthair chéile bás, ghrásta ó Dhia ar a hanam. Bhain mo mhadra gréim aisti agus do fuair sí bás go tobann, i gceann tríocha nóiméid tar éis an gréim fiachla.”

Arsa an fear fiosrach os íseal, “An bhfuil cead agam an madra a fháil ar iasacht?”

“Caithfidh tú dul ar ais go deireadh na líne.”

 

 


An Feirmeoir (# 6)

Le Mícheál Ó Máille & Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Bhí an feirmeoir réidh chun ceann amháin dena mhuca a thabhairt don chollach chun cúplánan. D’iarr sé ar an bhfear ar leis an gcollach cén chaoí a mbeidh sé ábalta an mhuc a iompar dó?

“Iompar ar an mbarra rotha í.”

Ar aghaidh leis díreach leis an muc ar an mbarra rotha go dtí an collach timpeall leath-mhíle síos an bóthar. Nuair a bhí na h-anmhithe críochnaithe leis an gnúsachtach, chuir an feirmeoir ceist arís ar an bhfear, “Chonas a mbeidh mé cinnte go bhfuil an rud go léir ráthúil?”

“Má tá an mhuc ag ithe a bricfeasta ar maidin, níl an gníomh ráthúil, má tá sí ag iomlascann ins an bpuiteach, beidh tú sásta.”

Maidin lá arna mhárach, bhí an mhuc ag ithe a bricfeasta. Ar ais leis an bhfeirmeoir leis an muc ar an mbarra rotha go dtí an collach arís. Tharla an rud céanna an dara maidin agus an tríú maidin! Bhí an feirmeoir ag éirí ana-mhí-shásta le gach aon lá.

Ag deireadh na seachtaine, dúirt sé lena bhean chéile chiúin, fhoighneach,”Féach amach an fhuinneog agus abair dom cad tá ar súil ag an muc?” “An bhfuil sí ag ithe a bricfeasta?” “Níl sí!” “An bhfuil sí clúdaithe leis an salachar?” “Níl sí!” Scread an feirmeoir,”Cad tá ag súil ag an muc, ansin?” Tá sí ina suí ar an mbarra rotha!”

 

 


Teach an tSagairt (# 7)

Le Jimmy Joyce & Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

I dteach an tsagairt, bhí bean an tí i gcónaí ag rá rudaí mar “Tá mo theilifíseán briste,” Tá mo chathaoir briste.” “Ná bain úsáid as an bhfocal ‘mo’,” arsa an sagart. “Abair, ‘Tá ár dteilifíseán briste,’ ‘Tá ár gcathaoir briste.’ ” “Cheannaigh muintir na paóiste na rudaí sin go léir dúinn.” Cúpla lá ina ndiaidh sin, bhí comhchomhairle ar siúl i dteach an tsagairt leis na sagairt eile as an ndeoise.

I rith an ama a raibh an cruinniú ar súil, tháinig bean an tí os comhair an dream go léir, ag scartigh os ard,”Tá luch faoin ár leaba!”

 

 


An Cuairteoir (# 8)

Le Niall Tóibín & Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Tháinig cuairteoir isteach i dteach ósta chun béile maith a fháil. Thug an freastalaí pláta den anraith glé dó. Chonaic an fear cuileog ins an anraith agus go díreach ansin, shín sé a mhéar i dtreo na feithide.

“Ó,” arsa an freastalaí, “Ceileog,’ an ea?”

” ‘Ceileog,’ ní hé sin an focal ceart. Is ‘cuileog’ í tá sí baininscneach.”

“Lord, Jesus, nach bhfuil súil ghéar agat?”

 

 


An Múinteoir (#9)

Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Bhí an múinteoir ag tabhairt míniú ar a cuid imeachtaí ins an rang eolaíochta dona scoláirí go léir.

Ba é an t-ábhar ná an diobháil a dhéanann deochanna alcól don cholainn go mór-mhór an t-uisce beatha. Bhí an múinteoir ag iarraidh argóint a dhéanamh in aghaidh an t-uisce beatha chéanna dona déagóirí – go raibh an deoch iontach contúirteach, gur millteannach an deoch é.

Thóg sí dhá ghloine amach, ceann amháin leath-lán d’uisce agus an ceann eile leath-lán d’uisce beatha. Go tobann, bhí suim ag an rang go léir ins an cheacht. Thaispeán sí dhá phéist dóibh a bhí ina láimh fhéin ag lúbairneacht. Chaith sí ceann amháin dóibh i ngach ceann dena ghloiní. An phéist a bhí ins an t-uisce lean sí ar aghaidh ag luascadh timpeall, ach an phéist bhocht eile, comh luath is a bhuail sé an t-uisca beatha, ba ghearr a mhair sí.

Bhí an rud faoin bpéist bhocht thubaisteach mharbh, beagnach dochreidthe dona scoláirí.

Dá réir an mhúinteora, bhí an míniú soiléir, go dtuigfeadh an rang go léir an ceacht follasach faoin scrios a dhéanann an t-alcól.

Ar aon nós, b’éigean di ceist a chur agus freagra a fháil cad a d’fhóghlaim an rang. Ba cosúil go raibh gach éinne réidh leis an bhfreagra ceart.

Arsa duine amháin dena scoláirí, “Na daoine a raibh péist iontu, caithfidh siad an t-uisce beatha a ól chun ruaig a chur ar an bpéist céanna.”

 

 


An Ghinid (# 10)

Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Do chas triúr le chéilenuair a bhí siad ag obair i Nua Eabhriac, Paidí, an t-Éireannach, Paidí, an t-Albanach agus Paidí, an Sasanach. Bhuail siad le chéile, deireadh seachtaine amháin in Oileán Coney. Caith siad an t-am ag siúl ar an trá.

I gceann tamaill, chonaic duine amháin buidéal beagnach folaithe leis an gaineamh. Cuimil sé an buidéal agus, a Dhia Mhóir, cad a tharla ach nocht Ginid ghlinne os a gcomhair.

Duirt an Ghinid ghlinne go raibh sí in ann aon rud amháin ba mhian leo a thabhairt dóibh.

Arsa an t-Albanach, “Ba mhaith liom dul abhaile go dtí Inse Ghall, an áit ina bhfuil an t-aer glan, an áit ina bhfuil ceol na bpíb ina croí ar an gcuideachta é, an áit ina bhfuil na cailíní álainn ag caint i dteanga a sinsir, an Ghaelic.

Go tapa, bhí sé imithe.

Arsa an Sasanach, “Ba mhaith liom dul abhaile go Londún, an áit ina bhfuil an Bhanríon agus na caisleáin stairiúla le feiceáil, ba mhaith liom cuairt a thabhairt arís ar na háiteanna ina raibh na cogaidh caithréimeacha buaite amach ag a comhthíreacha agus ba mhaith liom an fíor theanga, an Béarla a cloisteáil arís.”

Go gairid, bhí sé imithe.

“Cad futsa?,” arsa an Ghinid ghlinne.

Arsa an t-Éireannach, “Ba mhaith liom mo bheirt cairde a fháil ar ais arís!”

 

 


An Doctúir (# 11)

Le Mícheál Ó Máille & Prionsíasín Ní Longbhuird a d’astrigh 9/97

Dúirt an doctúir leis an othar, “Tá scéal maith agam agus drochscéal agam duit.”

“Tabhair an scéal maith dom ar dtús. “Arsa an doctúir,”Beidh tú marbh i dtrí seachtaine.”

“Agus an drochscéal?”

“Fuair mé an t-eolas i dtaobh an rud sin coicís ó shoin!”