Cart

Recent Posts

Altramas

Na laethanta seo is le tosca diúltacha, den chuid is mó, a bhaineann an t-altramas. Dílleachtaí a bhíonn i gceist nó leanaí nách mbíonn a dtuismitheoirí in ann aire a thabhairt dóibh. Toghann an Stát altramaithe dona leanaí seo agus ní bhíonn guth dá laghad ag na tuismitheoirí nádúra ná na leanaí féin sa roghnachas seo. I gcás na mná singile, a thoilíonn a leanbh a chur ar altramas, ní thugtar, fiú, ainm an altramaí di. Ní mar sin a bhíodh sé in Éirinn fadó. Bhí tairbhe ann don leanbh, don bhfine agus don sochaí.

Téann an t-altramas siar chomh fada is atá siar ann. Fán am a chéad thosaigh na manaigh ag cur cleite le pár san cúigiú haois, bhí an córas fréamhaithe go doimhin sa chultúr. Chleachtadh córais altramais i sochaithe Ind-Eorpacha eile. Tá fhios againn go gcuireadh na Rómánaigh leanaí ar altramas chomh luath is a saolaíodh íad — is amhlaidh a bhíodh na hathaireacha faoi gheasaibh gan a leanaí féin a fheiscint go mbídís fásta. “Tá mo fhear chéile mar sin,” arsa cara liom, “ní fhaca sé aon duine acu go rabhadar in ann peil a imirt agus ní haon Rómánach é.” Seans gur nós Ind-Eorpach é.

Is ón bhfréamh “ail” nó “oil” leis an mbrí “cothú” (nourish) a thagann an focal “altramas.” Tá an focal oiliúint againn fós sa Mhumhain leis an mbrí sin. (Beidh sé i dtogha na sláinte arís ach an oiliúint cheart a thabhairt dó.) Luaitear an t-altramas go mion minic sna sean téacsanna agus sna scríbhinní dlí ach go háirithe. Is léir ó na tagairtí sin go mbíodh ceangal láidir idir an dalta agus an athair altrama. Mar shampla sa Táin bhí cion mór ag Fergus ar a dhalta, Cúchulainn, cé go rabhadar ag troid i gcoinne a chéile. In Esnada Tige Buchet fanann Eithne dílis dá hathair altrama, Buchet. Bhíodh an ceangal lán chomh láidir idir na comaltaí féin na daltaí a tógadh le chéile. Ní gá ach smaoineamh ar Chúchulainn agus Ferdia. I bhformhór na dteangacha Eorpacha bíonn focail cheana den tsaghas — Má, Dá, Mamaí, Dadaí ag páistí dá dtuismitheoirí. Sa tsean Ghaeilge, ámh, ní hí an mháthair nádúra a bhíonn i gceist i gcás “muimme” ach an mháthair altrama agus is ionann “aite” (daite) nó “datán” agus an t-athair altrama. Mar deir Fergus Kelly in A Guide to Early Irish Law,— mura mbeadh an t-altramas chomh coitianta agus mura gcleachtfaí go forleathan é, ní fheicfeá an t-athrú brí seo sa teanga. Maireann an focal “muimme” fós mar muime nó buime leis an gciall banaltra. Tabhair faoi ndeara go dtagann an focal banaltra féin ón dá fhocal — bean + altrama.

Bhí dhá shórt altramais ann. Thugaidís Altramm Seirce ar an gcéad sort nuair a théadh páistí ar altramas ag gaolta nó cáirde. Ní raibh aon airgead i gceist anso agus go minic ba shaghas quid pro quo é. An tarna sórt d’íochtaí as. Iarrath a thugaidís ar an íocaíocht seo agus tá cur síos air sa téacs leabhar dlí “Cáin Iarraith.” Ba é an sórt seo altramais, den chuid is mó, a chleacht an uasaicme — agus bhí cuspóir acu leis. D’úsáidídís an t-altramas chun ceangail a nascadh le dreamanna cumhachta eile agus sa slí seo dul chun cinn a leanaí féin a chinntiú. Ní neart go cur le chéile.

Rud lárnach ab ea an t-oideachas sa chóras altramais. Bhí ard mheas ag na Gaeil ar a leanaí agus bhí tábhacht fé leith ag baint leo. De dheasca ghalair agus gorta, cogaí agus easpa leighis, bhíodh an t-éagráta an-árd i measc leanaí na laethanta san. Bhraith daoine ar a gclanna chun aire a thabhairt dóibh nuair a d’éiríodar sean. Toisc go raibh na leanaí féin agus an saghas scolaíochta a fuaireadar chomh tábhacht san bhíodh guth ag gach duine sa bhfine, i roghnú na n-altramaithe. (fine nó derbfine=sliocht iomlán sin-sheanathar). Bhíodh níos mó ná altramaí amháin ag leanaí na huasaicme. Théighidís ó dhuine go duine acu ag foghlaim agus ag déanamh comradaíochta leo. Bhíodh scoileanna cónaithe ann freisin dóibh.

Dhealródh sé, roimh theacht na Críostaíochta, go dtugtaí an naíonán dá altramaí go luath taréis a shaolaithe agus gur athraigh an nós san i ndiaidh a chéile. Seacht mbliana d’aois ba ghnáth níos deanaí. Deir Cáin Iarraith go mbíonn cailín críochnuithe lena cuid altramais de ghnáth nuair a shroiseann sí ceithre bliana dhéag agus nách mbíonn buachaill réidh leis go mbíonn sé seacht mbliana dhéag. Luann Críth Gablach ceithre bliana dhéag don bhuachaill freisin. Ait le rá agus ní fios cén fáth, ba chostasaí cailín a chur ar altramas ná buachaill.

Níl anso ach mám den charn eolais atá againn ar an altramas. Maireann an t-altram seirce anso is ansúd fós. Bhí Máire Mac a’ tSaoi a rá liom gurbh é a huncail Msgr. De Brun a thóg í, óir bhí a hathair féin ar a theitheadh ó na Sasanaigh agus ó lucht an tSaor-Stáit, nó gafa sa pholataíocht ar fead a hóige. B’iad tuismitheoirí a máthar a thóg Nuala Ní Dhonaill. An bheirt fhile is cáiliúla dá bhfuil againn tógadh sa tsean slí iad. Smaoinigh air! Le linn m1óige féin bhíos chomh tógtha san leis na tincéirí go ndúirt mo mhathair liom gur chóir dom imeacht ina dteannta ar fad. “Agus,” ar sí, “b’fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfaimís ná conradh a cheangal leo, mar is buan an dream iad.” Is léir gur thuig sise fios fátha an altramais. Ní fheadar fós an ag magadh fúm a bhí sí nó an raibh sí ag súil le mé a imeacht.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.