|
Na laethanta seo is le tosca diúltacha, den chuid is mó, a bhaineann an
t-altramas. Dílleachtaí a bhíonn i gceist nó leanaí nách mbíonn
a dtuismitheoirí in ann aire a thabhairt dóibh. Toghann an Stát altramaithe dona
leanaí seo agus ní bhíonn guth dá laghad ag na tuismitheoirí
nádúra ná na leanaí féin sa roghnachas seo. I gcás na mná
singile, a thoilíonn a leanbh a chur ar altramas, ní thugtar, fiú, ainm an altramaí
di. Ní mar sin a bhíodh sé in Éirinn fadó. Bhí tairbhe ann don leanbh,
don bhfine agus don sochaí.
Téann an t-altramas siar chomh fada is atá siar ann. Fán am a chéad
thosaigh na manaigh ag cur cleite le pár san cúigiú haois, bhí an córas
fréamhaithe go doimhin sa chultúr. Chleachtadh córais altramais i sochaithe
Ind-Eorpacha eile. Tá fhios againn go gcuireadh na Rómánaigh leanaí ar
altramas chomh luath is a saolaíodh íad --- is amhlaidh a bhíodh na
hathaireacha faoi gheasaibh gan a leanaí féin a fheiscint go mbídís fásta.
"Tá mo fhear chéile mar sin," arsa cara liom, "ní fhaca sé aon duine acu go
rabhadar in ann peil a imirt agus ní haon Rómánach é." Seans gur nós
Ind-Eorpach é.
Is ón bhfréamh "ail" nó "oil" leis an mbrí "cothú" (nourish) a thagann an
focal "altramas." Tá an focal oiliúint againn fós sa Mhumhain leis an mbrí
sin. (Beidh sé i dtogha na sláinte arís ach an oiliúint cheart a thabhairt
dó.) Luaitear an t-altramas go mion minic sna sean téacsanna agus sna
scríbhinní dlí ach go háirithe. Is léir ó na tagairtí sin go mbíodh ceangal
láidir idir an dalta agus an athair altrama. Mar shampla sa Táin bhí cion
mór ag Fergus ar a dhalta, Cúchulainn, cé go rabhadar ag troid i gcoinne a
chéile. In Esnada Tige Buchet fanann Eithne dílis dá hathair altrama,
Buchet. Bhíodh an ceangal lán chomh láidir idir na comaltaí féin na
daltaí a tógadh le chéile. Ní gá ach smaoineamh ar Chúchulainn agus Ferdia.
I bhformhór na dteangacha Eorpacha bíonn focail cheana den tsaghas --- Má,
Dá, Mamaí, Dadaí ag páistí dá dtuismitheoirí. Sa tsean Ghaeilge, ámh, ní hí
an mháthair nádúra a bhíonn i gceist i gcás "muimme" ach an mháthair altrama
agus is ionann "aite" (daite) nó "datán" agus an t-athair altrama. Mar deir
Fergus Kelly in A Guide to Early Irish Law,--- mura mbeadh an t-altramas
chomh coitianta agus mura gcleachtfaí go forleathan é, ní fheicfeá an
t-athrú brí seo sa teanga. Maireann an focal "muimme" fós mar muime nó
buime leis an gciall banaltra. Tabhair faoi ndeara go dtagann an focal
banaltra féin ón dá fhocal --- bean + altrama.
Bhí dhá shórt altramais ann. Thugaidís Altramm Seirce ar an gcéad sort
nuair a théadh páistí ar altramas ag gaolta nó cáirde. Ní raibh aon airgead
i gceist anso agus go minic ba shaghas quid pro quo é. An tarna sórt
d'íochtaí as. Iarrath a thugaidís ar an íocaíocht seo agus tá cur síos air
sa téacs leabhar dlí "Cáin Iarraith." Ba é an sórt seo altramais, den
chuid is mó, a chleacht an uasaicme --- agus bhí cuspóir acu leis.
D'úsáidídís an t-altramas chun ceangail a nascadh le dreamanna cumhachta
eile agus sa slí seo dul chun cinn a leanaí féin a chinntiú. Ní neart go
cur le chéile.
Rud lárnach ab ea an t-oideachas sa chóras altramais. Bhí ard mheas ag na
Gaeil ar a leanaí agus bhí tábhacht fé leith ag baint leo. De dheasca
ghalair agus gorta, cogaí agus easpa leighis, bhíodh an t-éagráta an-árd i
measc leanaí na laethanta san. Bhraith daoine ar a gclanna chun aire a
thabhairt dóibh nuair a d'éiríodar sean. Toisc go raibh na leanaí féin agus
an saghas scolaíochta a fuaireadar chomh tábhacht san bhíodh guth ag gach
duine sa bhfine, i roghnú na n-altramaithe. (fine nó derbfine = sliocht
iomlán sin-sheanathar). Bhíodh níos mó ná altramaí amháin ag leanaí na
huasaicme. Théighidís ó dhuine go duine acu ag foghlaim agus ag déanamh
comradaíochta leo. Bhíodh scoileanna cónaithe ann freisin dóibh.
Dhealródh sé, roimh theacht na Críostaíochta, go dtugtaí an naíonán dá
altramaí go luath taréis a shaolaithe agus gur athraigh an nós san i ndiaidh
a chéile. Seacht mbliana d'aois ba ghnáth níos deanaí. Deir Cáin Iarraith
go mbíonn cailín críochnuithe lena cuid altramais de ghnáth nuair a
shroiseann sí ceithre bliana dhéag agus nách mbíonn buachaill réidh leis go
mbíonn sé seacht mbliana dhéag. Luann Críth Gablach ceithre bliana dhéag
don bhuachaill freisin. Ait le rá agus ní fios cén fáth, ba chostasaí
cailín a chur ar altramas ná buachaill.
Níl anso ach mám den charn eolais atá againn ar an altramas. Maireann an
t-altram seirce anso is ansúd fós. Bhí Máire Mac a' tSaoi a rá liom gurbh é
a huncail Msgr. De Brun a thóg í, óir bhí a hathair féin ar a theitheadh ó
na Sasanaigh agus ó lucht an tSaor-Stáit, nó gafa sa pholataíocht ar fead a
hóige. B'iad tuismitheoirí a máthar a thóg Nuala Ní Dhonaill. An bheirt
fhile is cáiliúla dá bhfuil againn tógadh sa tsean slí iad. Smaoinigh air!
Le linn m1óige féin bhíos chomh tógtha san leis na tincéirí go ndúirt mo
mhathair liom gur chóir dom imeacht ina dteannta ar fad. "Agus," ar sí,
"b'fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfaimís ná conradh a cheangal leo, mar is
buan an dream iad." Is léir gur thuig sise fios fátha an altramais. Ní
fheadar fós an ag magadh fúm a bhí sí nó an raibh sí ag súil le mé a
imeacht.
Le Barra Ó Donnabháin
|