|
Tá sé níos
mó ná daichead bliain anois ón am a chuir mé
críoch leis an bhfoghlaim in Éireann. Tar éis
cúig bhliain ag freastal ar scoil na Bráithre
Críostaí i mBaile an Róba i gContae Maigh Eo, fuair
mé bua san ardteistiméireacht. Díreach ina dhiaidh sin,
cosúil le cuid is mó dena daoine óige, d'fhág
mé slán ar mo thír dhúchais agus as go
brách liom go Sasana.
Sular imigh mé fuair
mé comhairle ó chúpla fear áitúil ar an
dóigh ceart chun "exemption" mór a fháil ón
gcáin i Sasana. Seo an chomhairle a thug siad dom. "Scríobh
isteach i ngach foirm a líonann tú go bhfuil tú
níos aosta ná atá tú. Abair go bhfuil tú
pósta agus go bhfuil bean chéile agus beirt nó
triúir clann agat in Éireann." Bhí mé óg
agus cheap mé go raibh siad eolach faoi rudaí mar sin.
Ghlac mé leis an
chomhairle, agus ba é sin a rinne mé i mo chéad post - ag
obair le "Wimpey." Bhí orm cruthú a thabhairt don rialtas ar
feadh trí mhí go raibh mé ag cuir airgead chuig mo bhean
chéile. Bhí mé in ann sin a dhéanamh, agus i
gceann tamall beag bhí na trí mhí istigh agus bhí
mé saor ón trioblóid. Ach tharraing an bréag
trioblóid eile orm. Fuair mé i lán trioblóide
uaidh.
Ní raibh mé ach ocht
bliain déag ag an am sin, ach dúirt mé go raibh mé
trí bhliain is fiche. Cé go raibh mé chomh aosta sin
agus mé níos lú ná bliain sa tír, fuair
mé fógra lá amháin ón Arm Briotanach go
raibh mo sheirbhís mar shaighdiúir ag teastáil uathu.
Níor thaithnigh sin liom ar chor ar bith. Ní raibh seans sa
domhain go ghlacfainn an cuireadh sin. Cad a bhí le déanamh
agam ansin?
Scríobh mé litir
chuig m'uncail i mBrooklyn agus d'inis mé an scéal go
léir dó. Chuir mé in iúl dó gur mhaith liom
teacht go Meiriceá agus nach raibh aon fhadhb ar bith agam dul isteach
san Arm Meiriceánach. Níor chuala mé focal ó
m'uncail ar feadh míosa, agus bhí imní orm nach raibh
freagra ag teacht. Cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig litir
go dtí an teach lóistín. Ní litir ó
m'uncail a bhí ann, ach ceann ó ghníomhaire taistil i Nua
Eabhrac. Cad a bhí faoi iamh ach ticéad seoladh le nodaireacht
go raibh sé curtha chugam ar iarratas m'uncail. Bhí ionadh an
domhain orm. Bheinn ag fágáil an áit sin,
buíochas le Dia, agus ag dul go Meiriceá. Slán go deo le
"Wimpey" agus Mac Alpine.
Is scéal fada é mo
shaol sa tír seo ón am sin; ach ón lá a chuir
mé críoch leis an scrúdú ard
teistiméireacht níor labhair mé focal Ghaeilge ar feadh
beagnach daichead bliain. Bhí thar mo dhóthain Ghaeilge agam ar
scoil, agus ní dhearna mé dearmad go deo faoin bhfaitíos
a bhí orm go gclisfeadh an scrúdú Gaeilge orm. Ach, leis
an aimsir tháinig athrú ar mo thuairimí faoin teanga;
agus anois tá an cúrsa ar fad tugtha agam. Le trí bhliain
anois tá mé ag foghlaim an teanga arís, agus tá
athbheochaint ar siúl i m'intinn. Táim buíoch do a
lán daoine faoin misneach a thug siad dom ar an mbealach ar ais.
Tá saol nua agam anois.
Tá mé ag múineadh ranganna i gColáiste Staten
Island, agus ag dul thar timpeall na h-áite chuig na deireadh
seachtainí. Is deas a bheith ar ais. Má tá an Ghaeilge
agatsa, ná déan an rud céanna a rinne mise. Bain
úsáid aisti. Is teanga binn í.Tá saol nua ag
fanacht leatsa freisin.
Le Seán Tierney
|