i nGaeilge

slide-1-bg

Eolas agus Teagmháil:

Is corparáid neamh-bhrabúsmhar í, Daltaí na Gaeilge, atá faoi rialú ag dlíthe Stáit Nua-Gheirsí, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag:

Daltaí na Gaeilge

1504 NW 3rd Avenue
Fort Lauderdale, FL 33311-5550

Emaildaltai1@daltai.com

Ethel Brogan Profile Pic

Ethel Brogan

Rugadh agus tógadh Ethel Brogan i gCathair Ard Mhacha i dTuaisceart na h-Éireann. Nuair a bhí sí ina cailín óg, chaith sí a laetheanta i measc an chultúir Ghaelach. B’in é an uair ar thit Ethel i ngrá leis an nGaeilge. Chuaigh sí ar imirce sa mbliain 1946, agus chaith sí na ceithre bliana ina dhiaidh sin i gCathair Nua-Eabhrac. Sa deireadh, d’aistrigh sí amach faoin tuaith i Stát Nua-Eabhrac lena fear céile, Bill Brogan

Cé go raibh Ethel ag maireachtáil sna Stáit Aontaithe Mheirceá, ní raibh aon dearmad déanta aici ar na rudaí Gaelacha, go háirithe an Teanga. Thosaigh sí ag múineadh ranga Ghaeilge ar mhaithe a comharsan Mheiriceánach. Ní raibh na ranganna ar siúl aici ach oíche amháin sa seachtain, agus go gairid, thug Ethel faoi deara go raibh an-deachracht acu an Teanga a fhóghlaim ar an modh sin. Chuimhnigh sí go ceanúil ar an mbealach ar fhóghlaim sí fhéin an Ghaeilge. Chaitheadh sí mí iomlán gach samhradh sa nGaeltacht ag staidéar na Gaeilge, gan focal Bhéarla ar bith a labhairt. Bhí sé chomh héasca, chomh nádúrtha, an Teanga a fhóghlaim mar sin.

Chinn Ethel ar an bhfaill céanna a thabhairt dena cuid mic léinn. Shocraigh sí an chéad Deireadh Seachtain na Gaeltachta faoi Mhárta 1981. Tháinig daltaí as rang Ethel agus as na ranganna áitiúla eile. D’fhreastal breis is tríocha duine ar an gclár, agus d’éirigh sé go hán-mhaith leo. Chonaic na mic léinn go raibh siad in ann úsáid a bhaint as an nGaeilge mar theanga bheo, agus spóirt ‘is spraoi a bheith acu ag an am céanna.

Tá a fhios ag an domhan an scéal ó shin amach. Níor stad Ethel ag obair ar son na cúise ón uair sin, ague lean sí ar aghaidh breis ‘is tríocha bliain. D’ullmhaigh sí Deireadh Seachtaine eile, agus ansin ceann eile, agus thar éis sin ceann eile fós. Chun cabhair a thabhairt di leis an sprioc seo, bunaíodh “Daltaí na Gaeilge” leis an t-aon chuspóir amháin – “Chun an Ghaeilge a mhúineadh agus í a chuir chun cinn”. Sa lá atá inniu ann, bíonn sceideal lán réite ag Daltaí na Gaeilge i gcaitheamh na bliana ar fad. D’fhill cuid dena mic léinn abhaile agus bhunaigh siad a gcláir fhéin a bhí bunaithe ar shampla Ethel. I láthair na huaire, tá a gcláir ar siúl ar fud Mheiriceá Thuaidh. Ní gá a rá go raibh Ethel an-bhródúil go deo astu uilig.

Bíonn cláir tairgthe ag Daltaí na Gaeilge i Stát Nua-Eabhrac, Nua-Gheirsí agus Coill Phenn. Agus bíonn ranganna le fáil iontu atá feiliúnach do chuile dhaoine, idir glan tosaitheoirí agus cainteoirí dúchasa.

Deireadh Ethel go minic go raibh an obair iomlán déanta aici mar ba ghrá léi í. Ina barúil fhéin, níorbh obair ar chor ar bith é ach comhlíonadh nuair a bheadh duine ag streachailt ar son na cúise.

Bí linn agus leag a lorg iontach. Beidh fáilte Uí Cheallaigh romhat, cinnte!

• PS •

Má’s maith leat bailiúchán grianghraf le scéal Ethel agus stáir Dhaltaí na Gaeilge a fheiceáil, is féidir leat iad a fháil anseo. Bain taitneamh astu!